Is iad na leathanta saoire is tábhachtaí in Éirinn na cinn ó Oíche Nollag go Nollaig na mBan ar an 6ú Eanáir; idir dhá Nollaig mar a dearfá. Bíonn na scoileanna dúnta ach bíonn suim mhór ag daltaí, múinteoirí agus tuismitheoirí sna féilte sin ó Shamhain ar aghaidh. Ar an leathanach seo tá cnuasach d’áiseanna atá ar fáil ar an idirlíon bailithe le chéile againn. Dar ndóigh má tá cinn eile le cur leis an díolaim seo ba bhreá linn cloisteáil fúthu.
🎶🎄 Amhráin na Nollag 👼
Bileoga: Ceangail na poncanna – bronntanais Nollag🎁, crann Nollag🎄, fear sneachta⛄ agus spideoga Dheaide Na Nollag🎅🏻; radharcanna le dathú (A4/A3) – An Chéad Nollaig⭐, An Mol Thuaidh🎅🏻, Spraoi Sa Sneachta☃️ agus Tinteán Nollag🔥.
Leabhráin dhathúcháin na Nollag, leagan 1 agus leagan 2 ✍️👼🎅🕯️🎄 agus trí bhileog oibre An Nollaig 1 – An Nollaig 2 – An Nollaig 3, cártaí, íomhánna le dathú agus gníomhaíochtaí éasca eile ar fad ar fáil anseo.
An Nollaig sa Naíonra 🎅 leabhrán dathúchán do leanaí óga; leagan clóite ar fáil dár mbaill le hordú.
Leathanaigh dathúcháin agus bileoga oibre 🖍️🎨✏️🧩 le Siopa Údar
Daidí na Nollag 📽️📕🎅 le Cáit Ní Dhuibhir (leabhar mór) léite ag Órla ar Cúla4 Ar Scoil
Tiúibíní – Nollaig Shona! 📽️🎅🎄 seinnliosta Nollag lenár gcairde óga ar YouTube
Tá Herbie ag ceilliúradh na Nollag 📽️🔥🎄☘️ foghlaim faoi nósanna na hÉirinn ag Nollaig le Herbie an dragún
Eitlíonn Santaí go hInis Oírr 📽️🎅 tuairisc bharrúil le Máirtín Davy Ó Coisdealbha ar Nollaig 1984
Cloigíní na Nollag 📻🎅 clos-scéal do RTÉjr
An Nollaig….An raibh a fhios agat? 📰🌟👼 10 sonrach faoin Nollaig, stair agus nósanna
An Adbhint 🕯️ alt ar Nuacht Anois ar nósanna na hAidbhinte; Carghas An Gheimhridh mar a bhíodh sé in Éirinn
Traidisiúin Nollag na hÉireann 📰🕯️🎄☘️ alt ar University Express
Nósanna na Nollag timpeall na hEorpa! 📰🎄🇪🇺 alt ar Nós.ie
Crann Nollag 📽️🎨🎄 (a dhéanamh) le Cúla4 Ar Scoil
Maisiúcháin na Nollag lámhdhéanta as Fuíollábhár 🎨♻️ físeán ó Ghaeloideachas
Maisiúcháin Nollag 📽️🎨 le Darren Ó Dubhgáin ar Cúla4
Maisiúcháin Nollag 📽️🎨 le Ruairí ar Cúla4
Maisiúcháin Nollag 📽️🎨 le DFÉ (Déan Féin É) ar Cúla4
Maisiúcháin na Nollag 📽️🎨 le Mr O’D
Déan Féin É: Maisiúcháin Nollag 🎨 alt ar NÓS faoi dírithe ar Rang 5-6 nó iar-bhunscoil
Lego: Smaointe don Nollaig 🧩 forbartha i gcomhpháirt leis an Ionad Uathacais Middletown
Litir chuig Daidí na Nollag ✍️🎅 teimpléad le hAltram
Litir a Scríobh ag Daidí na Nollag 📽️✍️🎅 ar Cúla4
An Nollaig; áiseanna foclóra ✍️ cruthaithe ag iar-PO ar Scoilnet
Nathanna Cainte na Nollag 📽️✍️🎄 an tuiseal gairmeach ar Cúla4
An Oíche Roimh Nollaig (Conamara) 📽️📕🎅 an dán le Clement Clarke Moore (Tír Chonaill, An Mhumhain)
An Fear Sneachta 📽️📕⛄an fabhalscéal aistrithe don chainéal Fabhalscéalta do Leanaí
Cuileann na Nollag 📽️🎄🏝️ seanchas an chrainn seo ar Inis Oírr
Nósanna na Nollag 📰🔥🕯️🎄 Eureka ón Irish Independent
An donas amach is an sonas isteach – An Nollaig roimh chapaill Bhudweiser 📰🔥🐑🐟 alt le Daithí De Mórdha ar Tuairisc.ie
Is Mise 📽️🎄🐴 clár do leanaí faoin Nollaig agus Lá an Dreoilín (seinnteoir TG4)
An Fear Sneachta le hAlan Titley 📕⛄ gearrscéal le hAlan Titley
An Nollaig sa bPolainn 📻🇵🇱🎄🐟 eolas faoi na nósanna thoir, i bPolainnis agus i nGaeilge; téann sé go deas leis an leabhar ón sraith Ag Taisteal Le Tarlach thíos
Nollaig an Fheasa 📕🎅 gearrscéal don Nollaig le Mícheál Ó Ruairc
San Nioclás Myra na Tuirce 📰📻🔥🎅 alt ar naomh na Nollag, le rogha éisteach leis léite os ard
‘Lá Nollag go péacach, Lá’l Stiofáin ag iarraidh déirce’ agus 11 seanfhocal eile don fhéile 📰 ar Tuairisc.ie
Féile na Nollag 🔥🎄☘️ díolaim de scéalta faoin Nollaig ó Dúchas.ie 📰 ar Tuairisc.ie
Cuimhní na Nollag san ardchathair 📰🎄☘️ le san Irish Times
Bímis sa Dreoilín… Ar an lá seo timpeall na tíre! 🐴 alt ar NÓS
Lá an Dreoilín 📽️🐴 tuairisc do Nuacht TG4 (YouTube) agus leagan eile don sraith Dúchas (seinnteoir TG4)
Dreoilín Dreoilín! 📻🔥🪶🪈 Clár ar dheasghnátha, ar nósmhaireacht agus ar thraidisiún Lá An Dreoilín i gCorca Dhuibhne.
Lá an Dreoilín 📻🔥🐴🪈 Clár comhrá agus seanchais, bunaithe ar ábhar cartlainne RnaG
Nollaig na mBan 📰🎄☘️ alt ar Tuairisc.ie Seán Mac an tSíthigh ar stair agus ar nósannna na féile
Litríocht Bhéil: Lá an Dreoilín ✍️ acmhainní, gníomhaíochtaí agus smaointe don seomra Gaeilge ar Tuairisc.ie
Scéalta na Nollag i mBailiúchán na Scol ☘️
Buachaillí Bána, posses agus nósanna eile Nollag as Manainn 📰🔥🏝️ ar NÓS.ie
Bord Leadráin – teimpléad a bhféadfaí a úsáid le páistí agus daoine óga uathacha le linn na Nollag.
Stiallbhratacha: Nollaig Shona le Flags Ireland agus Nollaig Shona, litir ar litir, ón Siopa Gaeilge.
Seanfhocail agus nathanna cainte:
An bhfuil a fhios agat go dtagann an nath cainte Fáilte Uí Cheallaigh ón gcáil leitheadach a bhain Liam Ó Ceallaigh, taoiseach Uí Mháne, amach lena chóisir Nollag i 1351? Seo thíos tá seanfhocail nasctha leis an bhféile tábhachtach seo.
Seacht seachtaine ramhra ó Shamhain go Nollaig.
Bia is deoch i gcomhair na Nollag; éadach nua i gcomhair na Cásca.
An Nollaig in aghaidh na ráithe. (An Nollaig in aghaidh na ráithe, an Cháisc in aghaidh na seachtaine, Domhnach gach ré lá, Is lá saoire eatarthu. – bliain dheas)
Téann an saol thart mar a bheadh eiteoga air agus cuireann gach aon Nollaig bliain eile ar do ghualainn.
Nollaig bhreá a dhéanann reilig teann – is fuacht a mharaíonns frídíní.
Má thitfeadh Nollaig:
Dé Luain
->Geimhreadh ceomhar
->Samhradh gaofar
Dé Máirt
->Geimhreadh fuar sneachtúil
->Samhradh fliuch
Dé Céadaoin
->Geimhreadh crua
->Samhradh an-mhaith
Déardaoin
->Geimhreadh bog
->Samhradh an-mhaith
Dé hAoine
->Geimhreadh measartha
->Fómhar measartha
Dé Sathairn
->Geimhreadh gaofar sneachtúil
->Samhradh maith
Dé Domhnaigh
->Geimhreadh te
->Samhradh te tirim
Dánta agus rainn:
Tá rogha saibhir de rainn agus de dhánta nasctha leis an am seo den bhliain agus roinnt acu ar fáil ar an leathanach Dánta is Rannta na Nollag 🎄🌟👼
| Dreoilín, dreoilín, rí na n-éan, Lá ‘le Stiofáin a ceapadh mé; Éirigh suas a bhean an tí, Caith an donacht as do chroí, Agus tabhair cúpla féirín don dreoilín. |
Dreoilín, dreoilín, rí na n-éan, Lá Fhéile Stiofáin a gabhadh an t-éan; Is mór mo mhuintir is beag mé féin; Dá bhfaighinnse ceart bheinn i mo rí ar éin. |
📚 Leabhra:
- Leabhar Dathúchán na Nollag le muintir Mhic Chormaic
- An Nollaig; Leabhar dathúcháin le Breda Ní Mhaoláin agus Fearghas Mac Lochlainn
- Dathaigh Isteach; An Nollaig le hÓrla Shorten
- Mo Chuid: Amhráin Nollag (Bualadh Bos, Trí Rí, I Leataobh i Mainséar, An Drumadóirín, An Oíche Úd)
- Daidí na Nollag le Cáit Ní Dhuibhir (leabhar mór, Séideán Sí, Naíonáin Mhóra)
- Bran agus an Nollaig (0-7 mbliana)
- Aoife Chineálta leis an Áisaonad (0-5 mbliana)
- Bronntanais Nollag le Gemma Corcaran don sraith Cosán Na Gaelaí (Naíonáin Bheaga)
- In Am don Nollaig le Mairéad Mhig Uaid (0-6 bliana)
- Daidí na Nollag le Áine Ní Ghlinn 🏆 (4-7 mbliana) – leabhar dathúcháin mar PDF
- Na Weatherbies: Cóisir Nollag le Síle Sneachta le Yvonne Fleming (4-7 mbliana)
- Asal Uasal le Gabriel Rosenstock / Heather Henning 🏆 (6+ bliana)
- Cosán na Gealaí: An Nollaig Fadó Fadó le Laoise Ní Chléirigh
- An Nollaig Abú! le Brian Ó Baoill (6-12 bhliain)
- Suaimhneas sa Stábla le Gabrielle Ní Mheachair (chomhléitheoireacht le leanaí 6+ bliana) 🏆
- Blitzen: Laoch na Nollag le Claire O’Malley (6-12 bhliain)
- An Cúigear Cróga: Nollaig Shona a Chúigir le Enid Blyton (7-10 mbliana)
- Dónall Dána; Luíochán na Nollag (7-10 mbliana)
- Dónall Dána; Dráma na Nollag (7-10 mbliana)
- Lá an Dreoilín i gCorca Dhuibhne (Séidéan Sí, rang a 3)
- Cití sa Gheimhreadh, as an sraith Chití Caileach (8-11 bhliain)
- An Nollag sa Naigín le Ré Ó Laighléis (8+ mbliana)
- Cuairt San Nicolás le Darach Ó Scolaí / Clement Clarke Moore
- An Nollaig Thuas le hAoife Ní Dhufaigh (léitheoirí neamhspleácha thart ar 9 nó 10 mbliana d’aois)
- Ag Taisteal Le Tarlach Sa Pholainn le Laoise Ní Chomhraí (10-12 bhliain)
- An Nollaig Thiar le Breandán Uí Éithir (Ranganna 5-6, déagóirí agus léitheoirí fásta)
- Nollaig Oileánach le
- Duan na Nollag le Charles Dickens & Pádraig Ua Duinnín
- Órchiste Nollag le Máirín Uí Shé
- Scéalta Nollag le hAlan Titley (daoine fásta)
🎶 Dlúthcheirníní 7rl:
- Amhrán is Fiche Eile don Nollaig le Méabh Ní Bheaglaoich / Síle Denvir / Mairéad Ní Mhaonaigh (na líricí go léir le feiscint ar an scáileán, agus bíonn liathróidín ag leanúint na bhfocal faid is a bhíonn an t–amhrán á rá)
- Amhráin na Nollag le Róisín Elsafty agus Rónán Browne
- Carúil Nollag – bailiúchán d’amhráin Nollag á gcanadh go binn ag Cór Chois Fharraige
- Glór na nAingeal – 13 amhrán Nollag ar fáil mar DC nó mar MP3, FLAC srl.
Rudaí eile don seomra ranga:
- Crann Nollag atá ina Fheilire Nollag – le crochadh ar bhalla/chomhla
-
Míreanna Mearaí na Nollag – leanaí 7 go 10 mbliana d’aois
-
Snap Nollag – íomhánna agus abairtí
-
Stiallbhratacha na Nollag – trí rogha le <Nollaig Shona Duit> orthu
- Stocaí Nollag – stocaí na bhféiríní
Samhain 🔥 Nollaig 🔥 Lá Fhéile Bríde 🔥 Lá Fhéile Vailintín 🔥 Máirt Inide 🔥 Lá Fhéile Pádraig 🔥 Lá Aibreáin 🔥 An Cháisc 🔥 Samhradh na nGael 🔥 Oíche Shin Seáin 🔥 An Fómhar

