Leathanach d'eolas agus d'áiseanna nasctha leis an oíche mhór Ghaelach i lár an tSamhraidh.
Is ceart tine chnámh a lasadh in gach sráidbhaile Oíche Shin Seáin – an 23ú oíche de mhí Mheithimh. Is cóir do dhuine ar a laghad as gach teach a bheith i láthair ag an tine agus splanc beo a thabhairt leis ag dul abhaile. Is cóir dó freisin na páirceanna agus na beithígh a choisreacadh leis an splanc sin. – Bailiúchán na Scol
Ba mhinic go nglaoití lár an tSamhraidh ar oíche an 23ú Meitheamh toisc go raibh se i ngaireacht do Ghrianstad an tSamhraidh, an lá is faide sa mbliain. Is as sin a tháinig nós an lá is faide a comóradh le chéile le lá mór creidimh in am ár sinsir, an lá in ómós do Sanctus Ioannes Baptista, ar an 24ú. As Ioannes a tháinig Iohain i Sean-Ghaeilge agus Eoin na laethanta seo (níl ceangal ar bith idir Eoin agus Eoghan), agus rinneadh Seán as an ainm Jehan, an leagan ar Ioannes i bhFraincis na Normannach (Jehan->Jean). Lastar tinte cnámha pobail ar na cnoic agus bhíodh iomaíocht idir na pobail chun an tine cnámha ba mhó a thógáil.
Is í an Ghudaí (as Goody nó Goodie i mBéarla) an mhilseog thraidisiúnta don oíche mhór seo. De ghnáth rinneadh é i gcoire a cuireadh ar an tine chnámh nó a théitear ar thine níos lú in aice láimhe; thug daoine leo a gcuid spúnóga agus babhlaí féin. Chun í a dhéanamh, ní gá ach arán a fhiuchadh i mbainne (leathchupán do gach slisne nó leamstar aráin) blaistithe le spíosraí agus siúcra; is féidir mil a chur in áit an tsiúcra dar ndóigh.
Tine Chnáimh sa Teampall Geal 🔥 Micheál Toose Mac Gearailt ag labhairt ar An Saol Ó Dheas mar gheall ar an nós
Oíche Fhéile Sin Seáin 🔥📚 PDF le Dúchas
I lár an tsamhraidh tig tinte na Féile Eoin 🔥📚 le Nós
Anocht Oíche Shin Seáin, agus an tine mar shiombal na gile agus na cumhachta 🔥📚 le Seán Mac an tSíthigh do Tuairisc.ie
Oíche Shin Sheáin ar an gCaorán Beag 🔥📽️ le Nuacht TG4
Ceiliúradh spleodrach ar Oíche Fhéile Sin Seáin geallta ar an Teach Dóite 🔥📚 le Tuairisc
Lóchrann Chonamara ar an Teach Dóite 🔥📽️ le Molscéal
Síoga agus Oíche Shin Seáin 🔥📽️ le Molscéal ag Tig Áine
An fáth go mbeidh tinte cnámha ar fud na hÉireann anocht 🔥📚 le Marion Nig Fhearadhaigh do RTÉ Brainstorm
Naomh agus San
Tá dhá fhocal ar dhuine atá naomhaithe nó aitheanta amhlaidh ag an eaglais, naomh agus san, agus is nós sa teanga naomh a chur ar na cinn atá nasctha linne agus san a chur ar cinn ó thíortha eile. Mar sin is Naomh Bríd ach San Treasa, Naomh Pádraig ach San Proinsias.
Neilí ar an mBaile Riabhach… pic.twitter.com/MM2sCpd0fS
— Edel Ní Loibhéad (@EdelLovett1) June 23, 2021
Oíche Fhéile Eoin |
I lár an tsamhraidh tig tinte na Féile Eoin Seán Ó Muireagáin |
