Focla an amhráin agus naisc chuig rogha scannán atá ar fáil ar líne.

Focail an amhráin / liricí:

Curfá:
Óró, sé do bheatha ‘bhaile,
óró, sé do bheatha ‘bhaile,
óró, sé do bheatha ‘bhaile,
anois ar theacht an tsamhraidh.

Sé do bheatha, a bhean ba léanmhar,
do bé ár gcreach tú bheith i ngéibhinn,
do dhúiche bhreá i seilbh meirleach,
is tú díolta leis na gallaibh.

Tá Gráinne Mhaol ag teacht thar sáile
óglaigh armtha léi mar gharda,
Gaeil iad féin is ní Francaigh ná Spáinnigh,
is cuirfidh siad ruaig ar ghallaibh.

Curfá

A bhuí le Rí na bhFeart go bhfeiceam
muna mbeam beo ina dhiaidh ach seachtain
Gráinne Mhaol agus míle gaiscíoch
ag fógairt fáin ar ghallaibh.

Curfá x2

Curfá breise:
Óró, sé do bheatha ‘bhaile,
b’fhearr liom thú ná céad bó bhainne,
óró, sé do bheatha ‘bhaile,
anois ar theacht an tsamhraidh.

Óró sé do bheatha ‘bhaile beo le Sinéad O Connor, agus leis na focla amháin le feiceáil.

Eagrán nua le Seo Linn.

Categories: Ar scoil | Use in school, Bunscoil | Primary, Físeán | Video, Gaeilge amháin | Irish only, Iar-bhunscoil | Post-primary, Múinteoir | Teacher, Sa bhaile | Use at home, Tuismitheoir | Parent