Tá sé mar chuspóir leis an bpáipéar seo ón ÚNM treoir phraiticiúil a thabhairt do Ranna agus chomhlachtaí poiblí maidir leis an teanga ba cheart a úsáid i ndáil le míchumas chun freastal ar bhealach measúil ar na téarmaí difriúla is fearr le daoine faoi mhíchumas. Is treoir an-úsáideach í do naíonraí agus scoileanna freisin le gluais a mhíníonn téarmaí coitianta agus gluais eile le cur síos ar téarmaí nár cheart a úsáid agus téarmaí malartacha molta ina n-áit.

Tá a bhfuil sa pháipéar seo bunaithe ar athbhreithniú a rinneadh ar litríocht ábhartha, ar an gcomhairliúchán a sheol an tÚdarás Náisiúnta Míchumais (ÚNM) le hEagraíochtaí do Dhaoine faoi Mhíchumas agus le geallsealbhóirí eile, agus ar fhionnachtana ón gcomhairliúchán ar chomhordaigh an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige é ar an tuarascáil Stáit is Páirtí chuig an gCoiste um Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas (UNCRPD).

Foilsíodh dréachtleagan den pháipéar seo i mí Aibreáin 2022. Scaipeadh é ar Eagraíochtaí do Dhaoine faoi Mhíchumas, ar gheallsealbhóirí eile sochaí sibhialta agus ar oifigigh phoiblí le haghaidh aiseolais. Forbraíodh an leagan athbhreithnithe, a foilsíodh i mí an Mheithimh 2022, ar bhonn an aiseolais a fuarthas. Aithníonn ÚNM go n-athraíonn teanga le himeacht ama. Dá bhrí sin, tá sé beartaithe go n-athbhreithneofar an páipéar seo ó am go chéile agus go n-athrófar chun dáta é de réir mar is gá.

File Type: docx
Categories: Ar scoil | Use in school, Bunscoil | Primary, Eolas | Information, Gaeilge amháin | Irish only, Iar-bhunscoil | Post-primary, Múinteoir | Teacher, Na Meáin | Media, Naíonra | Preschool, Sa naíonra | Use in the naíonra, Taighde | Research, Taighdeoir | Researcher
Tags: RSO | Special education, Uathachas | Autism