Acmhainn phraiticiúil a bhféadfaí a úsáid le páistí agus daoine óga uathacha nuair a bhíonn amanna aistrithe i gceist. Forbartha i gcomhpháirt le Middletown Centre for Autism.
Tugann pas cumarsáide bealach iontach do dhaltaí uathacha rudaí a insint dúinn fúthu féin — rudaí a thaitníonn/nach dtaitníonn leo, cumais agus dúshláin. Is féidir acmhainn mar seo a úsáid nuair a bhíonn páistí ag ullmhú le scoilbhliain nua a thosú le múinteoir nua. Is bealach maith é seo don duine é/í féin a chur in aithne, rud a laghdóidh na hábhair imní maidir leis na hathruithe atá rompu.
Leagan Béarla ar fáil ó Middletown Centre for Autism ag: www.middletownautism.com/social-media/
File Type:
pdf
Categories:
Ar scoil | Use in school, Bunscoil | Primary, Gaeilge amháin | Irish only, Iar-bhunscoil | Post-primary, Múinteoir | Teacher, Sa bhaile | Use at home, Tuismitheoir | Parent