Is plean oibre fadtéarmach oscailte é an Plean Digiteach don Ghaeilge arna ullmhú ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán (www.gov.ie).

Tugtar léargas sa Phlean Digiteach seo ar an taighde atá de dhíth chun go mbeidh acmhainní teangeolaíochta Gaeilge ar an bhfód sna blianta seo romhainn. Léirítear freisin na bunteicneolaíochtaí urlabhra agus teanga a bhaineann leis na hacmhainní teangeolaíochta sin agus déantar cur síos ar na háiseanna agus na feidhmchláir is gá a fhorbairt amach anseo. Díreofar go háirithe ar dhaoine atá faoi mhíchumas, grúpa leochaileach a fhágtar ar lár, uaireanta. Tá sé leagtha romhainn againn go mbeadh rochtain ionchuimsitheach ag aon duine ar spéis leo an teanga ar thacaíocht agus ar áiseanna ionas gur féidir leo an Ghaeilge a úsáid go furasta sa réimse digiteach
ar bhonn laethúil. Dá réir sin, tacaíonn an Plean le teicneolaíochtaí agus le háiseanna úrscothacha i réimsí éagsúla: teicneolaíocht urlabhra ilchanúnach, innill chuardaigh fheabhsaithe, meaisínaistriúchán, ardáin agus aipeanna oideachasúla a chabhróidh le teagasc na teanga mar aon le léitheoirí scáileáin, sintéis chainte agus áiseanna eile do lucht labhartha na Gaeilge a bhfuil lagú radhairc orthu, gan ach roinnt díobh a lua.

File Type: pdf
Categories: Bunscoil | Primary, Eolas | Information, Gaeilge amháin | Irish only, Iar-bhunscoil | Post-primary, Na Meáin | Media, Naíonra | Preschool, Taighde | Research, Taighdeoir | Researcher
Tags: Disléicse | Dyslexia, RSO | Special education, Uathachas | Autism