Tá an acmhainn seo deartha chun tacú le páistí agus daoine óga a chur in iúl cé chomh dian is a chuireann torainn isteach orthu, torainn a d’fhéadfaidís a chloisteáil mórthimpeall orthu. Forbartha i gcomhpháirt le Middletown Centre for Autism.
Tá dhá leagan den acmhainn seo ar fáil a thugann deis do thuismitheoirí focail nó pictiúir a roghnú, ag brath ar rogha nó ar chumas an pháiste. Moltar mothálachtaí fuaime áirithe a phlé agus iad a thaifeadadh leis an duine a bhfuil uathachas air, nuair is féidir. Is é príomhfheidhm na hacmhainne seo modh cumarsáide a thabhairt don pháiste/duine óg ionas gur féidir leo a léiriú go bhfuil siad míchompordach má éiríonn an timpeallacht ina bhfuil siad róchallánach.
Breis acmhainní maidir le rialú fuaime i mBéarla ar fáil ó Middletown ag na naisc thíos:
- Leideanna do bhaill foirne agus iad ag plé le páistí agus daoine óga a bhfuil riachtanais chéadfacha acu. Féach anseo.
- Físeán do bhaill foirne le leideanna maidir le teachtaireachtaí ó bhéal a thabhairt do pháistí agus dhaoine óga uathacha. Féach thíos.
Leagan Béarla ar fáil ag: www.middletownautism.com/social-media