Teimpléad de Bhord Leadráin a bhféadfaí a úsáid le páistí agus daoine óga uathacha le linn na Nollag. Tá íomhánna samplacha ann, mar aon le teimpléad glan. D’fhéadfaí íomhánna breise a chur ar fáil nó an teimpléad glan a thabhairt do dhaltaí níos sine. Forbartha i gcomhpháirt le Middletown Centre for Autism.
Tá an Bord Leadráin ar cheann d’acmhainní Middletown Centre for Autism a bhfuil an tóir is mó air, agus seo leagan na Nollag.
Bíonn sé deacair ar roinnt páistí agus daoine óga nuair nach mbíonn struchtúr acu thar thréimhse na Nollag. Ligeann Bord Leadráin na Nollag duit roinnt gníomhaíochtaí a chur ar fáil dóibh, agus úsáid á baint agat as na cártaí amhairc. Is féidir leo na cinn is fearr leo a roghnú, iad a chur ar an mbord agus tús a chur leo.
Uaireanta bíonn sé deacair déileáil leis an iomarca roghanna. B’fhéidir gur chóir duit srian a chur ar an rogha go dtí 2 nó 3 ghníomhaíocht, ag brath ar an bpáiste nó an duine óg.
Tá breis acmhainní agus eolais maidir le boird leadráin ar fáil i mBéarla ar shuíomh Middletown ag an nasc seo.