Roinnt áiseanna do Fhéile Na Samhna atá ar fáil ar líne; dánta, rainn, ealaín le déanamh, leabhra, físeáin, stair, cluichí agus gníomhaíochtaí. 🔥🍎🌰👻🎃💀

Ceiliúradh féile na Samhna, tús an Gheimhridh agus tús na bliana úire in Éirinn, thart ar dheireadh Mhí Dheireadh Fómhair agus tús Mhí Na Samhna. Téann an nós sin siar na mílte bliain agus is príomhfhéile na nGael é le cois Imbolc (Lá Fhéile Bríde), Bealtaine agus Lúnasa. B’oíche dhraíochtúil í Oíche Shamhna agus síleadh gur briseadh an teorainn idir an saol seo agus an ríocht eile le linn na hoíche seo agus go raibh na mairbh in ann filleadh ar an domhan seo arís don oíche seo amháin. (Ealaín, Leabhra agus Foclóir ag bun an leathanaigh)

Seo thíos amhrán beag do leanaí agus iad ag dul ó dhoras go doras ar an oíche;

Oíche Shamhna, Oíche Shamhna;
Bairín breac, bairín breac;
Úlla is cnónna, úlla is cnónna;
Bob nó beart, bob nó beart!

Oíche Shamhna, Oíche Shamhna;
Taibhse bán, taibhse bán;
Damhán alla, damhán alla;
Ar líontán, ar líontán!

Oíche Shamhna, Oíche Shamhna;
Cnámharlaigh, cnámharlaigh;*
Cailleach ghránna, cailleach ghránna;
Chí-hí-hí, Chí-hí-hí!

Oíche Shamhna, Oíche Shamhna;
Bairín breac, bairín breac;
Úlla is cnónna, úlla is cnónna;
Bob nó beart, bob nó beart!

* nó <Puimcíní, puimcíní;>

le Tonaí Ó Roduibh

Oíche Shamhna thuas mar amhrán le Róise Nic Corraidh 📽️🎵

Cúig rann faoi Oíche Shamna 📽️ le Gaelbhratach ar YouTube

Púca 📽️🐴 ceacht ar an dán sin le Cúla4 (rang a haon)

Cluichí Oíche Shamhna 📝🎃 dhá chluiche, leathanach dathúcháin agus masc le cló ó Cúla4.

Déan Comhrá – Oíche Shamna 📽️ físeán foclóra ón nGaeltacht 👻🔥🧙🍎🌰🧟

Oíche Shamhna agus an saol eile 📽️📝 físeán ó TG4 agus gníomhaíochtaí scríofa a ghabhann leis.

Oíche Shamhna Fadó 📽️ físeán le Cúla4.

Céilí Samhna ar Árainn 📽️🔥👺 agallamh le Dara Ó Maoilidhia faoi nós na bhréigéide mar chuid den bhfíseán deas seo le Máirtín Jaimsie Ó Flatharta ó 1992.

Tá Herbie ag ceilliúradh Féile Na Samhna 📽️🐲🔥🍎 foghlaim faoi fhéile na Samhna i dteannta Herbie, dragan Mhucrois.

Leabhrán Oíche Shamhna 📝 Amhráin, Rainn agus Dánta d’Oíche Shamhna; pictiúir le dathú in éindí leo.

Spraoi, Scanradh agus Sceon um Shamhain 📝 eagrán ón sraith Eureka leis an Irish Independent.

Cat Na Caillí 📽️📚😼 leabhar léite ag Órla Ní Fhinneadha.

Iníon Phuimcín 🎃 scéal do leanaí léite ag Ciara Ní Mhurchadh do RTÉ.

Nósanna oíche Shamhna 🔥🍎🌰

Oideas d’anraith puimcín 🎃🥣

Conas anraith puimcín a dhéanamh 📽️🎃🥣

Stór Focal d’Oíche Shamhna 🧛👺👻 íomhá sa ngailearaí thíos

Biongó na Samhna (PDF) 🎲 le Teanga Tí

Tóraíocht Taisce na Samhna (PDF) 🔍📝🧛 – Is féidir le leanaí dul thart leis an leathanach seo agus tic, nó uimhir, a chur sa mbosca in aice le gach ceann atá siad in ann a fheiceáil tharstu sa mbaile nó ar scoil.

Sosanna Gluaiseachta d’Oíche Shamhna 🧘 forbartha i gcomhpháirt leis an Ionad Uathachais Choillidh Chanannáin (Ard Mhacha)

Pléantáil d’Aghaidh 📽️ (seinnliosta le Cúla4) banfhlaith 👸, dragan 🐲, panda 🐼, coinín 🐰, maighdean mara 🧜‍♀️, tíogar 🐯, bobaide / fear grinn 🤡, fear beag glas 👽, róbó 🤖, foghlaí mara 🏴‍☠️, cat 😺, féileacán 🦋, blaosc 💀.

Seán Na Gealaí 🎃 a tharraingt 📽️🎨 le Lucy Ní Dhuiginn do Cúla4.

Agallamh Beirte <Oíche Shamhna> 📽️🎭 le hAntaine Ó Donnaile (ceacht faoi ar Cúla4).

Oíche Shamhna; cailleach amuigh in Ard Mhacha 📽️🎭⭐ scéal / dán (fo-theidil i mBéarla ann faraor).

An raibh a fhios agat… gur in Éirinn a thosaigh féile na Samhna? 📽️🔥 físeán beag faoi stair an fhéile déanta go deas ag Gaelbhratach.

Stair sciobtha an fhéile 📽️🔥 le hEímear as an gcainéal Gaeilge le Eímear

Bob nó bia agus tarraingt Oíche Shamhna 🔥🍎🌰 ar MeonEile.ie – cur síos ar stair agus nósanna na hoíche le Seán Ó Farraigh

Oíche Shamhna le Tús Maith 📽️🐴👺👻 Corca Dhuibhne lán de phúcaí agus daoine aite ag siúil timpeall na háite.

Féile na Samhna; an bhunchiall 🔥 eolas faoi stair na féile.

Piseoga Oíche Shamhna 📽️👻👺 an taobh eile, síoga, bréigéide nó feistis, bia curtha amach (Meon Eile)

Oíche Shamhna; Dúntar na Doirse 📻👻🔥 pléitear na nósanna, deasghnátha agus piseoga a bhaineann léi.

Oíche Shamhna: Piseoga, ceol agus taibhsí 📻🔥🎶💀🧚 pléitear stair an fhéile ársa agus gach a bhain le Féile Na Samhna.

Oíche Shamhna i Rinn Ua gCuanach 📻🔥🪙 cuimhneacháin ar airgead a bhailiú ag na doirse agus ar nósanna eile.

Pisreoga an Bháis 📻⚰️🪦 clár cartlainne RnaG faoi phisreoga an bháis i dTír Chonaill.

Oíche Shamhna i mBailiúchán Na Scol 🔥🐴👻120 scéal agus 17 tras-scríbhinn.

Púcaí – conas an ruaig a chur orthu 🐴

Pú! Pú! Pú!
Púcaí!
Púcaí púcaí schmúcaí!
Púcaí schmúcaí
Púcaí schmúcaí
Suas an similéar libh!
SUAS! Sláááán!

Pú! Pú! Pú!
Púcaí!
Púcaí púcaí schmúcaí!
Púcaí schmúcaí
Púcaí schmúcaí
Síos an doirteal libh!
SÍOS! Sláááán!

Pú! Pú! Pú!
Púcaí!
Púcaí púcaí schmúcaí!
Púcaí schmúcaí
Púcaí schmúcaí
Amach an fhuinneog libh!
AMACH! Sláááán!

Gabriel Rosenstock (éist leis an dán)
sa leabhar Púcaí Schmúcaí! agus dánta eile, 2023.


📚 Na 10 leabhar ‘scéine’ Gaeilge is fearr d’Oíche Shamhna 📚

      • Dónall Dána; Teacht na dTaibhsí

      • Lios na Leanaí

      • An Chailleach

      • An Zombaí

      • An Vaimpír

      • Frankenstein

      • Na 10 gCinn is Measa de Mhistéirí Aisteacha

      • Vaimpírí san Áiléar

      • I Measc Vaimpírí

      • Greim na Vaimpíre


Foclóir na Samhna

Samhain
Oíche Shamhna
Mí na Samhna
bréigéide / culaith bhréige
taibhse 👻 ≠ púca 🐴👺
amhailt
creatlach / cnámharlach  🦴💀🦴
draoi / asarlaí 🧙 ≠ draíodóir 🪄
cailleach 🧙‍♀️ – cailleach na gcearc, cailleach phiseogach, cailleach feasa
olagas ⚗️
nimh ☠️
Bean Sí / Badhbh Chaointe
arracht / anchúinse / alltán 👹
súmaire (vaimpír) 🧛
seargán
ollphéist
fiach
ialtóg / sciathán leathairialtóga 🦇🦇
damhán alla 🕷️
líontán / nead / líon / snáth (damháin alla) 🕸️
coire
puimcínpuimcíní
Seán na Gealaí 🎃
cnó – cnónna 🌰🌰
cnó Gaelachcnónna Gaelacha
úll – úlla 🍏🍎
piseanna talún 🥜
milseán – milseáin 🍬🍫
bairín breacfáinne 💍, bonn 🪙, cipín 🪵, éadach 🧵 nó piseán/pónaire 🫛 duit?
bob nó bia / bob nó beart / bob nó breab 🎁 – Bhuail siad bob air mar níor thug sé tada dóibh.
tine chnámh 🔥
blaosc 💀
coinneal – coinnle 🕯️🕯️
cónra ⚰️
uaighleac uaighe 🪦
fuil – ag cur fola
catamán / éagbhás / smúrthannach 🧟
reilig
Samhain scáfar, scanrúil, scéiniúil.. agus shona daoibh go léir!

Google Translate

File Type: jpg
Categories: Ar scoil | Use in school, Bunscoil | Primary, Eolas | Information, Físeán | Video, Gaeilge amháin | Irish only, Iar-bhunscoil | Post-primary, Múinteoir | Teacher, Naíonra | Preschool, Póstaer | Poster, Sa bhaile | Use at home, Sa naíonra | Use in the naíonra, Tuismitheoir | Parent
adhairt Oíche Shamhna ó Dunnes Stores