Bhí lánúin óg pósta agus ní raibh acu ach aon mhac amháin. Nuair a mhéadaigh sé suas in a bhuachaill óg ní choinneodh rud ar bith istigh san oíche é ach ag imirt cártaí. Bhíodh a mháthair i gcónaí, i gcónaí ag troid leis. Oíche Shamhna a bhí ann ansin agus dúirt a mháthair leis gan a dhul amach. “Ní bheidh mé amuigh deireanach. Rachaidh mé amach ar aon nós ar feadh scaithimh bhig den oíche.” D’imigh leis. Chuaigh sé amach.

Nuair a bhí sé ag teacht abhaile bhí cosán trasna an ghoirt agus chuaigh sé thar claí. Bhí an Púca ar an taobh eile den chlaí. “Bhfuil tú ag dul abhaile” a deir an Púca. “Tá mé” a deir an bhuachaill. “Gabh suas ar mo droim” arsa an Púca. Thug sé an buachaill isteach ar fud na coille. Stroiceadh é leis na crainnte agus ní raibh snáth éadaigh fágtha air. D’fhág an Phúca é cheithre mhíle ón teach ar colbha an bhóthair.

Nuair a sheas sé suas le teacht abhaile, ceard a bhí roimhe ar an mbóthar ach cónra. Chrom sé sios go gcuirfeadh sé an chónra isteach ar thaobh an bhóthair agus nuair a chuir labhair an fear a bhí istigh agus dúirt sé “Cuir suas ar do dhroim mé agus tabhair don reilig mé.” Chuir sé an chónra ar a dhroim. D’iompair sé cheithre mhíle é go dtí an reilig. Tháinig an buachaill go geata an teampaill. Dúirt an fear a bhí sa chónra “Gheobhaidh tú an eochair ar an gcuaille. Thug sé an chónra isteach agus leag sé sios dá dhroim é. “Gabh go dtí an sceach sin thall” arsa an fear a bhí sa chónra “agus gheobhaidh tú láí agus sluasaid” go ndeanfaidh tú poll dom. Nuair a bhí cúpla preab láí bainte ag an buachaill chuir an fear a bhí san uaigh béic as agus dúirt “Ná cuir anseo é ach tóg go dtí an cead reilig eile é.”

Chuir sé an chónra ar a dhroim arís agus thug sé cheithre mhíle eile é. Nuair a tháinig sé don geata bhí glas air. D’oscail sé an gheata agus thug sé isteach an chónra. Fuair sé láí agus sluasaid agus thosaigh sé ag rómhar. Nuair a thosaigh lig an fear a bhí san uaigh béic as agus dúirt “Ní cheart a leithéid de fhear sin a chuir anseo.” Thug sé an chónra ar a dhroim agus bhí sé sios dá glúine in uisce ag dul amach an gheata. Bhí fear lasmuigh den gheata agus dúirt “Ní chuirfidh tú anseo é sin.” Ní thabharfaidh mé níos faide é” a deir an buachaill agus chaith sé an chónra sa linn uisce. “Cuir an chónra ar do dhroim agus fag mise san áit a bhfuair tú mé” arsa an fear a bhí san chónra. Bhuail sé an chónra ar a dhroim agus bhí ocht míle le dul aige leis. D’fhág sé an chónra san áit a bhfuair sé é. “Téigh abhaile anois” arsa an fear “agus dá ndéanfá an rud a dúirt do mháthair leat ní bheifeá anseo anois.” Chuaigh sé abhaile ansin agus bhí a mháthair ag faire air. Chuaigh sé a chodladh agus níor éirigh sé go ceann seachtaine. Níor imrigh sé cártaí arís go bhfuair sé bás.

Scéal a thug Seán de Burca; Áth An Chloigín, Eanach Dhúin, Condae Na Gaillimhe; do Mhicheál de Faoite i 1937.

An Bán Mór (scoil) ar Dúchas.ie

Ár leathanach Samhain 🔥 Oíche Shamhna 🦇 Féile Na Samhna a bhíonns an-tóir air gach bliain; lán d’eolas, smaointe agus naisc go háiseanna.

Categories: Ar scoil | Use in school, Bunscoil | Primary, Gaeilge amháin | Irish only, Iar-bhunscoil | Post-primary, Múinteoir | Teacher, Sa bhaile | Use at home, Tuismitheoir | Parent
Tags: Gaeltacht