Scéal sóisialta a bhféadfaí a úsáid chun léiriú nach gá bheith buacach i gcónaí agus go bhféadfadh sé bheith go maith nuair a bhíonn deis ag duine eile bua a bheith acu. Forbartha i gcomhpháirt le Middletown Centre for Autism.

Bíonn deacracht ag roinnt scoláirí uathacha a gcuid mothúchán a rialú nuair nach mbíonn siad buacach i gcluiche nó nuair mbaineann siad an marc is airde amach sa rang. Is féidir leis seo racht mothúchán a spreagadh. Tá go leor nodanna cabhracha breise ar fáil maidir le húsáid scéalta sóisialta ar fáil ar shuíomh Middletown Centre for Autism. Féach ar na naisc thíos ach go háirithe:

Le linn seisiún C&F (ceisteanna agus freagraí) le Jed Baker, chuir sé i gcuimhne go bhféadfadh mí dul thart sula bhfoghlaimíonn duine conas cluiche a chailleadh ar bhealach béasach.

Mhol sé ligean don fhoghlaimeoir cúpla cluiche a bhuachan ag an tús, agus é a ullmhú don chailleadh ansin tríd an gceist seo a chur air, ‘An bhfuil tú réidh le cluiche a chailleadh?’ Anseo ar dheis, cuirtear scéal sóisialta ar fáil dar teideal ‘Tá sé ceart go leor gan a bheith buacach’. B’fhéidir go mbeifeá ag iarraidh na straitéisí suaimhnis a chur in oiriúint do nithe a oibríonn don pháiste/duine óg a bhfuil aithne agat air. Cuimhnigh gur chóir duit an iarracht a chúiteamh, seachas an toradh. Ba chóir duit moladh a thabhairt d’aon dul chun cinn maidir le conas a fhreagraíonn an páiste/duine óg don chailleadh.

File Type: pdf
Categories: Ar scoil | Use in school, Bunscoil | Primary, Gaeilge amháin | Irish only, Iar-bhunscoil | Post-primary, Múinteoir | Teacher, Sa bhaile | Use at home, Tuismitheoir | Parent
Tags: RSO | Special education, Uathachas | Autism