Eolas an-úsáideach maidir le scéalta sóisialta ó Middletown Centre for Autism. Tá sainmhíniú, nodanna, samplaí agus léitheoireacht bhreise maidir le scéalta sóisialta ann.
Social Stories™
D’fhorbair Carol Gray coincheap Social Stories™ sa bhliain 1989, trína cuid oibre mar mhúinteoir in Michigan. Tá na scéalta bunaithe ar fhealsúnacht shóisialta a aithníonn gur próiseas dhá bhealach í an chumarsáid, rud a chiallaíonn go mbaineann an lagú sóisialta leis an duine a bhfuil uathachas air agus leis an duine cumarsáideach nach bhfuil uathachas air araon. Tugann Social Stories™ de chuid Carol Gray bealach do thuismitheoir/dhuine gairmiúil peirspictíocht an duine a bhfuil uathachas air a chur san áireamh, rud a chabhróidh leo smaointe a chur in iúl ar bhealach níos éifeachtaí.
Modh cumarsáide is iad Social Stories™ idir dalta a bhfuil uathachas air agus duine gairmiúil/tuismitheoir. Úsáidtear iad mar mhodh chun eolas a chur in iúl ar bhealach soiléir, eolas a bhaineann le comhthéacs, scil nó coincheap, a mbaineann tábhacht leis don duine a bhfuil uathachas air. Tugann sé seo soiléireacht don dalta, rud a laghdaíonn imní agus a chuireann ar chumas an dalta déileáil le comhthéacsanna agus eispéiris éagsúla.
Social Stories™ agus Comhthéacs
Seo a leanas sainmhíniú Carol Gray ar Chomhthéacs:
Duine amháin nó níos mó agus áit, cuspóir, cruachás agus/nó imeacht ar bith; an bhrí dhinimiciúil a bhaintear as machnamh comhuaineach ar leideanna sóisialta ag am ar bith.
Bíonn sé an-tábhachtach leas a bhaint as comhthéacs le ciall a bhaint as an domhan mórthimpeall orainn, bíonn sé seo deacair ar dhaltaí a bhfuil uathachas orthu. Bíonn sé deacair orthu leideanna sóisialta a shórtáil, a shocrú, agus fáil réidh leo. Bíonn sé deacair orthu chomh maith ciall a bhaint as na leideanna sóisialta seo le linn an lae. Is féidir Social Story™ a úsáid chun tuiscint shóisialta a chur ar an dalta, na rialacha sóisialta neamhscríofa go háirithe, rialacha atá intuigthe do dhaoine a fhorbraíonn mar is dual dóibh.
Tá Social Stories™ in úsáid go forleathan anois ag daoine a bhfuil uathachas orthu, agus acu siúd a bhíonn ag obair leis na daoine seo. Is féidir iad a úsáid ar bhealach atá mícheart, áfach. Is uirlis luachmhar a bheith in ann coincheap a chur in iúl ó pheirspictíocht an duine a bhfuil uathachas air. Is gá Social Stories™ a scríobh go cúramach le cinntiú go bhfuil siad éifeachtach agus go mbaineann tábhacht leo. Mar sin, is gá sainmhíniú Carol Gray ar Social Story™ a leanúint, chomh maith leis an deich gcritéar a mholtar do Social Story™ a scríobh, critéir atá bunaithe ar thaighde forleathan agus ar thaithí ghairmiúil.
Sainmhíniú ar Social Story™
Seo sainmhíniú Carol Gray ar shuíomh idirlín Social Story™:
Déanann Social Story cur síos cruinn ar chomhthéacs, ar scil, ar éacht nó ar choincheap de réir 10 gcritéar shainiúla. Treoraíonn na critéir seo taighde, forbairt agus cur i bhfeidhm an Scéil le cinntiú go mbaineann tacú agus foighne leis, agus formáid, ‘’guth’’, ábhar, agus eispéireas foghlama atá tuairisciúil, a mbaineann tábhacht leis, agus atá sábháilte (go fisiciúil, go sóisialta agus go mothúchánach) don pháiste, don déagóir, nó don duine fásta a bhfuil uathachas air.
Is féidir linn Social Stories™ a úsáid le páistí agus le haosaigh óga mar bhealach chun eolas a roinnt ar bhealach atá sábháilte, cruinn, agus a mbaineann tábhacht leis.
http://carolgraysocialstories.com/
Social Story™ – Critéir
Thar thréimhse 20 bliain, tá Carol Gray tar éis athruithe a dhéanamh ar na treoracha a bhaineann le Social Stories™ a scríobh. Déanann an téarma Social Stories, Critéar 10:2 nó 10.2 tagairt don chritéir uasdátaithe nó forbartha a foilsíodh sa bhliain 2014. Tá na forbairtí seo bunaithe ar a heispéiris phearsanta, agus ar aiseolas ó thuismitheoirí, múinteoirí agus páistí/daoine óga a bhfuil uathachas orthu. Aithníonn taighde neamhspleách a foilsíodh in irisleabhair eolaíochta úsáid Social Stories mar chleachtas fianaisebhunaithe san oideachas agus sa teiripe araon.
Lean an nasc thíos chuig suíomh gréasáin Social Story™ de chuid Carol Gray, áit a mínítear go soiléir na deich gcritéar a bhaineann le Social Story™ a scríobh: http://carolgraysocialstories.com/wp-content/uploads/2015/09/Social-Stories-10.0-10.2-Comparison-Chart.pdf
Leideanna Tábhachtacha
Is cur chuige dearfach é Social Stories ar chóir é chur i láthair na scoláirí i dtimpeallacht atá idir shocair agus suaimhneach. Ba chóir na scéalta seo a léamh le scoláirí nó do scoláirí le tuin atá dearfach.
Níor chóir iallach a chur ar scoláirí riamh scéal a léamh nó léirmheas a dhéanamh ar scéal. Níor chóir Social Story™ a úsáid riamh mar phionós do mhí-iompar.
Social Stories™ – Sampla
Thar thréimhse 20 bliain, tá Carol Gray tar éis athruithe a dhéanamh ar na treoracha a bhaineann le Social Stories™ a scríobh, agus tugadh an Critéar 10:2 isteach le déanaí. Tá na forbairtí seo bunaithe ar a heispéiris phearsanta, agus ar aiseolas ó thuismitheoirí, múinteoirí agus páistí/daoine óga a bhfuil uathachas orthu. Aithníonn taighde neamhspleách a foilsíodh in irisleabhair eolaíochta úsáid Social Stories mar chleachtas fianaisebhunaithe san oideachas agus sa teiripe araon.
CÉARD BA CHÓIR DUIT A DHÉANAMH LE BOTÚN SAN OBAIR SCOILE
Earráid is ea botún. Déanann gach scoláire botúin. Mar sin, ní bhíonn ionadh ar fhormhór na scoláirí botúin a fheiceáil ina gcuid obair scoile. Seans go mbeadh brón nó díomá orthu, ach ní bhíonn ionadh orthu i ndáiríre.
Má bhíonn scoláirí ag súil le botúin, cabhraíonn sé leo ullmhú don díomá a thagann le botúin a fheiceáil ina bpáipéir cheartaithe. Cabhraíonn sé le roinnt scoláirí fanacht ar a suaimhneas má bhíonn siad ag súil le botúin, rud a chabhraíonn leo smaoineamh agus aon bhotún a láimhseáil go maith.
Uaireanta, iarrtar ar scoláirí botúin san obair scoile a cheartú. Sin ceann de na fáthanna a mbíonn scriosáin ar phinn luaidhe de ghnáth. Déanann scoláirí iarracht oibriú amach céard atá mícheart. Ansin, scriosann siad an botún agus cuireann siad ina cheart é. Sin bealach maith chun botún a láimhseáil.
Uaireanta eile, ní bhíonn sé chomh héasca céanna a oibriú amach an fáth a bhfuil freagra mícheart. Cabhraíonn sé le scoláirí smaoineamh má fhanann siad ar a suaimhneas. Uaireanta, cabhraíonn sé le scoláire botún a cheartú má chaitheann sé níos mó ama ag smaoineamh. Seo bealach iontach eile chun botún a láimhseáil.
Is minic a bhíonn cásanna ann ina mbíonn cabhair ag teastáil ó scoláirí lena gcuid botún. Tugann siad faoin mbotún a oibriú amach, caitheann siad níos mó ama ag smaoineamh, ach bíonn mearbhall orthu fós. Mar sin, déanann siad cabhair a lorg. Bealach iontach eile chun botún a láimhseáil is ea cabhair a lorg.
Is scoláire mé. Is dócha go ndéanfaidh mé botúin. Tá ag foghlaim chun a bheith ag súil le botúin. Ar an mbealach sin, foghlaimeoidh mé conas mo chuid botún a láimhseáil ar bhealach iontach!
AG INSINT DO MO MHÚINTEOIR FAOI FHADHB
Bíonn múinteoirí agus scoláirí ag caint faoi neart rudaí. Is minic a bhíonn siad ag caint faoi dhea-scéalta. Is féidir leo fadhbanna a réiteach le chéile chomh maith.
Uaireanta, d’fhéadfadh fadhb a bheith ag scoláire, nó d’fhéadfadh frustrachas nó fearg a bheith air. Is féidir leis a bheith cabhrach é seo a insint don mhúinteoir. Ansin, beidh a fhios ag an múinteoir go bhfuil fadhb ann. Ba mhaith le múinteoirí cabhrú. Bíonn neart smaointe acu. Is féidir le múinteoirí cabhrú leat fadhbanna a réiteach.
Má bhíonn fadhb agam ar scoil, d’fhéadfadh sé cabhrú liom an fhadhb a insint don mhúinteoir. Má bhíonn frustrachas nó fearg orm, d’fhéadfadh sé cabhrú é seo a insint don mhúinteoir. Tá neart smaointe ag mo mhúinteoir. Is féidir léi cabhrú liom fadhbanna a réiteach.
Is féidir le múinteoirí cabhrú le scoláirí fadhbanna a réiteach agus iad a chur ar a suaimhneas arís.
Léitheoireacht bhreise:
Briody, J., & McGarry, K. (2005). Using social stories to ease children’s transitions. Young Children, 60, lgh.38-43
Chan, J.M., & O’Reilly, M.F. (2008). A Social Stories intervention package for students with autism in inclusive classroom settings. Journal of Applied Behaviour Analysis, 41, lgh. 405-409.
Chan, J.M. et al (2011). Evaluation of Social Stories intervention implemented by pre-service teachers for students with autism in general education settings. Research in Autism Spectrum Disorders, lgh.715-721.
Delano, M., & Snell, M.E. (2006). The effects of social stories on the social engagement of children with autism. Journal of Positive Behaviour Interventions, 8(1), lgh. 29-42.
Hutchins, T. (2012). Social Stories. In P.A Prelock & R.J. McCauley (Curtha in Eagar) Treatment of autism spectrum disorders: Evidence-based intervention strategies for communication and social interaction. Baltimore, MD: Paul H. Brookes Publishing.
Kokina, A., & Kern, L. (2010). Social Story interventions for students with autism spectrum disorders. Journal of Autism and Developmental Disabilities, 40, lgh. 812-826.
Reynhout, G., & Carter, M. (2009). The use of Social Stories by teachers and their perceived efficacy. Research on Autism Spectrum Disorders, 3, lgh. 232-251.
Schneider, N., & Goldstein, H. (2010). Social Stories improve the on-task behaviour of children with language impairment. Journal of Early Intervention, 31 (3), 250-264
Toplis, R., & Hadwin, J.A. (2006). Using social stories to change problematic lunchtime behaviour in school. Educational Psychology in Practice, 22 (1), lgh. 53-67.