Is taca nó sceideal amhairc bunúsach é Clár Ar dTús/Ansin nó Anois/Ina Dhiaidh Seo. Léiríonn sé céard atá ag tarlú anois agus céard a bheidh ag tarlú ansin. Léirítear an t-eolas i mbealach simplí soiléir agus is féidir úsáid a bhaint as i mbealaí éagsúla – mar shampla, chun duine a spreagadh le tabhairt faoi thasc nó ghníomhaíocht nach bhfuil chomh taitneamhach céanna dóibh agus go leanfar é le rudaí atá níos taitneamhaí nó spreagúla dóibh. Is féidir úsáid a bhaint as an gclár/sceideal freisin chun tacú le haistrithe éagsúla chomh maith – aistriú idir tascanna nó áiteanna éagsúla. Is féidir leis an gclár neamhpsleáchas a mhéadú nuair a laghdaíonn sé an méid noda ó bhéal ó dhaoine fásta maidir le gníomhaíochtaí freisin. Tá físeán anseo ó Middletown a mhíníonn go soiléir a bhfuil i gceist leis.
Nuair atá Clár Ar dTús/Ansin in úsáid, caithfear cinneadh a dhéanamh maidir leis an gcinéal sceidil amhairc a bheidh ann – rudaí, pictiúir, grianghraif, nó focail mar shampla. Tá breis eolais faoi roghanna éagsúla sceideal ar fáil anseo i Leabharlann Gaeloideachas. Mar atá i gceist le chuile straitéis, is fiú an clár a phearsanú don duine aonair le freastal ar a gcuid riachtanais uathúla.
Tá eolas breise cabhrach ar fáil ag na naisc áirithe seo ar shuíomh Middletown:
- https://severe-learning-disability.middletownautism.com/strategies/visual-methodology/
- https://best-practice.middletownautism.com/approaches-of-intervention/the-teacch-autism-programme/visual-schedules/
- https://capacity-resource.middletownautism.com/wp-content/uploads/sites/4/2015/07/visual-schedule.pdf