Seoithín, seo hó, mo stór é, mo leanbh
Mo sheod gan chealg, mo chuid den tsaol mhór
Seoithín, seo hó, is mór é an taitneamh
Mo stóirín ina leaba ina chodladh gan brón.
A leanbh mo chléibh, go n-éirí do chodladh leat
Séan agus sonas a choíche in do chóir
Tá mise le do thaobh ag guí ort na mbeannacht
Seoithín, a leanbh, ní imeoidh tú leo.
Sibéal Ní Chasaide á mhúineadh an chéad chuid de le Cúla4
Categories:
Ar scoil | Use in school, Bunscoil | Primary, Físeán | Video, Gaeilge amháin | Irish only, Múinteoir | Teacher, Naíonra | Preschool, Sa bhaile | Use at home, Sa naíonra | Use in the naíonra, Tuismitheoir | Parent