Suantraí traidisiúnta á mhúineadh ag Sibéal Ní Chasaide leis na focla ar an scáileán.

Seoithín, seo hó, mo stór é, mo leanbh
Mo sheod gan chealg, mo chuid den tsaol mhór
Seoithín, seo hó, is mór é an taitneamh
Mo stóirín ina leaba ina chodladh gan brón.

A leanbh mo chléibh, go n-éirí do chodladh leat
Séan agus sonas a choíche in do chóir
Tá mise le do thaobh ag guí ort na mbeannacht
Seoithín, a leanbh, ní imeoidh tú leo.

Sibéal Ní Chasaide á mhúineadh an chéad chuid de le Cúla4

 

Categories: Ar scoil | Use in school, Bunscoil | Primary, Físeán | Video, Gaeilge amháin | Irish only, Múinteoir | Teacher, Naíonra | Preschool, Sa bhaile | Use at home, Sa naíonra | Use in the naíonra, Tuismitheoir | Parent
Tags: Gaeltacht