Tús an Earraigh, am aghaidh a thabhairt ar an ngarraí scoile arís!
Anois teacht an Earraigh
beidh ‘n lá dul chun síneadh,
Is tar éis na Féil’ Bríde
ardóigh mé mo sheol.
Thuas tá tús an dáin Cill Aodáin le Antoine Ó Raifteirí.
Má tá garraí scoile ann, ní mór daoibh tabhairt faoin trí rud le déanamh sula gcuirtear síológ ar bith; sin glanadh, casadh agus leasú. Faigh réidh leis na fiailí, cas agus bris an chréafóg is leasaigh na ceapacha le rudaí ar nós dríodar caife, cnámhóga tae (bainte as na málaí) agus craicne banana mionstiallta. Tabhair deis dosna ldaltaí a síolta féin a bhailiú ó thorthaí ar nós sútha talún agus miontrátaí (nó trátaí silín). Ní mór dóibh na síolta a scaipeadh amach ar pháipéar le triomú sula gcuirtear iad. Is féidir boscaí cairtchláir d’uibheacha agus cupáin pháipéir aonúsáide in áit potaí beaga inmhúirínithe a cheannach.
Físeáin:
- Conas Iomaire a dhéanamh reidh ins an Earrach – An Garraí Glas
- Ag reiteach le h-aghaigh an síol a chuir – An Garraí Glas
- Ag Cur Síolta – ceacht scríbhneoireachta (béim ar an aimsir chaite) do na bunranganna le Cúla4 Ar Scoil
- Ag Cur Síolta – deich gcéim le síol a chur sa bhaile le Muintearas
- Tasc Teaghlaigh 3: Ag cur síolta – físeán le Corey Hanna (fotheideil i mBéarla ar an scáileán faraor)
- Buamaí Síolta – Ceardaíocht le Pádraig
- Síolta a chur le Ciara ó Bhéal Feirste
- Síolta Trátaí a chur – Meitheal na Gaolainne, Béal Átha’n Ghaorthaidh
- Fataí a chur sa ngarraí – Cúla4 Ar Scoil
- Aire a thabhairt do na fataí – Cúla4 Ar Scoil
- Ag Garraíodóireacht – ceacht scríbhneoireachta (béim ar an aimsir láithreach) do na bunranganna le Cúla 4 Ar Scoil
- Síolscéalta – sraith de 4 chlár ar TG4 faoi gharraíodóireacht ón Earrach go Geimhreadh
- Bláthanna an Earraigh 🌼 – Déan Comhrá
- An tEarrach 🔥 Bríd agus Imbolc – Déan Comhrá