Acmhainn dheas a bhféadfaí a úsáid le linn an earraigh. Dírítear ar chuid de na rudaí is féidir a fheiceáil, a chloisteáil, a bholú, a mhothú agus a bhlaiseadh ar shiúlóid san earrach. Forbartha i gcomhpháirt le Middletown Centre for Autism.

Is codanna tábhachtacha de nós sláintiúil ar bith iad an aclaíocht agus gníomhaíochtaí faoin aer. Beidh tionchar dearfach ag an dá cheann ar mheabhairshláinte agus ar shláinte choirp. D’fhéadfadh roinnt páistí agus daoine óga a bhfuil uathachas orthu a bheith níos spreagtha le dul amach ag siúl má bhíonn struchtúr agus cuspóir ag an ngníomhaíocht. Cabhróidh na hacmhainní amhairc seo iad a spreagadh. Chomh maith leis sin, cuireann na hacmhainní seo leis an aireachas, rud ba chóir a chur le gach nós sláintiúil.

File Type: pdf
Categories: Ar scoil | Use in school, Bunscoil | Primary, Gaeilge amháin | Irish only, Iar-bhunscoil | Post-primary, Múinteoir | Teacher, Sa bhaile | Use at home, Tuismitheoir | Parent
Tags: RSO | Special education, Uathachas | Autism