Leabhrán ón gComhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta do scoileanna atá ag iarraidh spás céadfach a fhorbairt nó a athrú, sa scoil nó sa seomra ranga féin.
Tá sé mar aidhm ag an acmhainn seo aird a tharraingt ar a thábhachtaí agus atá sé go ndéanann múinteoirí agus foireann scoile spás céadfach a chruthú agus a úsáid i scoileanna chun sláinte agus folláine na scoile ar fad a fheabhsú agus a chur chun cinn. Tá dlúthnasc aige seo le haidhmeanna an Chreata um Ráiteas Beartais Folláine 2018-2023.
Soláthraíonn an acmhainn cur chuige atá bunaithe ar láidreachtaí, agus dírithe ar an dalta, chun breathnú ar na timpeallachtaí céadfacha a bhíonn ann laistigh den scoil agus chun cultúr a bhunú ina n-úsáidtear limistéir do na céadfaí agus straitéisí céadfacha i rith an lae scoile. Tá treoirlínte ar fáil ann do mhúinteoirí agus d’fhoireann na scoile freisin chun tacú go iomlánaíoch leis na daltaí trí limistéir do na céadfaí a chruthú agus a úsáid leis na daltaí.
Is éard atá mar aidhm ag an gcáipéis seo ná:
- cumas múinteoirí agus cumas fhoireann na scoile araon a shaibhriú chun freastal ar na riachtanais foghlama agus agus cur le rannpháirtíocht na ndaltaí go léir, go háirithe iad siúd a bhfuil riachtanais chéadfacha acu
- deiseanna a thabhairt do mhúinteoirí agus d’fhoireann na scoile araon tairbhe a bhaint as spásanna céadfacha sa scoil féin d’fhonn freastal ar riachtanais na ndaltaí ar fud chontanam na tacaíochta ar fad, ó leibhéal uile-scoile agus an tseomra ranga go leibhéal tacaíocht scoile atá spriocdhírithe ar ghrúpa agus saincheaptha don duine aonair
- Cur le heolas, scileanna, foghlaim agus cumas na múinteoirí agus an fhoireann scoile monatóireacht agus machnamh a dhéanamh ar riachtanais chéadfacha na ndaltaí agus chun tacaíocht a thabhairt do dhaltaí forbairt a dhéanamh ar scileanna féinfheasachta agus féinbhainistíochta.