Tugann na cártaí gníomhaíochtaí seo go leor smaointe maidir le spraoi lasmuigh. Forbartha i gcomhpháirt le Middletown Centre for Autism.
Tá an spraoi lasmuigh an-tábhachtach i saol páistí. Bíonn tionchar dearfach ag an spraoi neamhstruchtúrtha ar ardchaighdeán ar shláinte, ar fholláine agus ar fhorbairt pháistí.
Is féidir leas a bhaint as na cártaí gníomhaíochtaí seo mar chuid de phlean rialaithe mothúchán, nó le spraoi idighníomhach a spreagadh, nó le páiste nó duine óg a spreagadh dul lasmuigh. D’fhéadfaí iad a úsáid i mbealaí éagsúla freisin – mar chuid de sceideal, ar bhord roghanna, nó crochta thart timpeall an chlóis súgartha mar leideanna don spraoi.
Tá taighde agus eolas breise maidir leis an spraoi lasmuigh agus cé chomh tábhachtach is atá sé ar fáil ar shuíomh Middletown Centre for Autism. Tá na hacmhainní seo i mBéarla amháin.
Léigh feasachán taighde ar an spraoi lasmuigh anseo.
Léigh cáipéis maidir le tábhacht an spraoi lasmuigh, mar aon le smaointe le daoine a spreagadh bheith lasmuigh anseo.