Is acmhainn é seo atá cruthaithe ag Ionad Uathachais Middletown le cúpla gníomhaíocht spraíúil Lego ina bhfuil Minions agus lachain. Tá níos mó taighde ná riamh ann a dhíríonn ar bhuntáistí féideartha a bhaineann le spraoi le Lego i dtimpeallacht thacúil do pháistí agus dhaoine óga néara-éagsúla, go háirithe mar a bhaineann le féinmhuinín, muinín, aird, cumarsáid, cairdeas agus folláine. Tá gníomhaíochtaí eile a bhaineann le Lego i Leabharlann Gaeloideachas freisin. Déan cuardach ar an bhfocal "Lego" le teacht orthu.

Ar dheis, tá roinnt tascanna Lego atá simplí agus spraíúil, a cuireadh in oiriúint le treoracha amhairc céim ar chéim. Rinne Ionad Uathachais Middletown na cinn seo, ach ná déan dearmad gur féidir leat do thascanna agus treoracha céim ar chéim a dhéanamh. Níl uait ach Lego agus ceamara! 

Curtha in oiriúint ag Middletown ón suíomh frugalfunforboys.com  

File Type: pdf
Categories: Ar scoil | Use in school, Bunscoil | Primary, Gaeilge amháin | Irish only, Múinteoir | Teacher, Naíonra | Preschool, Sa bhaile | Use at home, Sa naíonra | Use in the naíonra, Tuismitheoir | Parent
Tags: RSO | Special education, Uathachas | Autism