Taighde ó Thuismitheoirí na Gaeltachta ar Sheirbhísí Teaghlaigh sa Ghaeltacht.
Thug Tuismitheoirí na Gaeltachta faoi Shuirbhé ar Sheirbhísí Teaghlaigh sa Ghaeltacht (SSTG feasta) ag tús 2021. Bhí ceithre chuspóir leis an suirbhé:
- Eolas a bhailiú faoi sheirbhísí teaghlaigh atá/nach bhfuil ar fáil sa Ghaeltacht agus cén teanga ina bhfuil na seirbhísí sin ar fáil
- Cén úsáid a bhaintear as na seirbhísí teaghlaigh i nGaeilge
- Cén t-éileamh atá ann ar sheirbhísí teaghlaigh i nGaeilge
- Cé chomh sásta is atá teaghlaigh le cúrsaí teanga na seirbhísí teaghlaigh atá ar fáil i
nGaeilge
Glactar leis go bhfuil seirbhísí comónta ar fáil do theaghlaigh Ghaeltachta lena n-airítear seirbhísí cúram leanaí, seirbhísí luathoideachais, seirbhísí oideachais agus seirbhísí dírithe ar chaithimh aimsirí coiteann mar atá spórt, ceol, ealaíon agus réimsí eile nach iad. Bhí mar aidhm ag an SSTG iniúchadh a dhéanamh ar na seirbhísí seo agus ar shainsheirbhísí teaghlaigh nach bhfuil fáil fhorleathan orthu ach a mbeadh tairbhe le baint ag teaghlaigh Ghaeltachta astu. Is iad na seirbhísí sin a bhí mar ábhar ag an SSTG agus atá dá réir mar ábhar ag an tuarascáil seo.