Cártaí Gníomhaíochta Inchlóite agus Cleachtaí Samhlaithe Treoraithe do Leanaí de gach Aois ón tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí
Is féidir le leanaí teicnící análaithe a úsáid chun dul i ngleic le himní, le fearg agus le teannas. Is féidir a mhúineadh dóibh le feasacht ar an anáil a úsáid i gcúinsí strusmhara ar nós scrúduithe agus trialacha, coimhlintí nó bulaíochta, mar aon le taibhiú nó láithriú a dhéanamh os comhair a gcomhscoláirí agus a dtuismitheoirí.
Féadann teicnící análaithe cabhrú le leanaí freisin tuiscint a fháil ar a mothúcháin féin ar nós imní, feirge nó buartha agus ar na freagraí fiseolaíocha ar na mothúcháin sin sa chorp ar nós tinneas boilg, tinneas cinn agus tuirse. Ba cheart leanaí a spreagadh chun straitéisí análaithe a fhorbairt a fhéadann siad a úsáid ag am ar bith, in áit ar bith. Cuimhnigh, téann an anáil i ngach áit leat! Cabhróidh na straitéisí seo leo a scíth a ligean agus socracht agus síocháin a aimsiú nuair a thagann siad ar mhothúcháin iomarcacha nó ar chúinsí dúshlánacha.
Is féidir le leanaí de gach aois, agus le daoine fásta freisin, na gníomhaíochtaí análaithe a leanas a úsáid. Ba cheart leanaí a spreagadh chun a gcleachtas análaithe a thógáil go mall i dtosach, ag tosú le trí anáil agus á fhorbairt go dtí an méid a theastaíonn i gcás ar leith. Nuair a bhíonn cleachtas análaithe forbartha ag leanaí mar scil féinrialúcháin, d’fhéadfadh gur mhaith leo a dteicnící análaithe nua féin a chruthú bunaithe ar ainmhithe nó ar an dúlra.