Is féidir le struchtúr amhairc a bheith cabhrach do pháistí agus dhaoine óga agus iad ag cur tascanna nó gníomhaíochtaí faoi leith i gcrích, idir thascanna nua agus tascanna a bhfuil taithí acu orthu. Is féidir le treoracha ó bhéal a bheith deacair do dhaoine uathacha áirithe a phróiseáil agus a thabhairt chun cuimhne ach tugann struchtúr amhairc soiléiriú maidir leis an tasc agus méadaíonn sé neamhspleáchas an duine. Seo thíos roinnt de na haidhmeanna a bhaineann le tascanna struchtúrtha:
- an gá le treoracha ó bhéal a laghdú nó a bhaint go hiomlán
- soiléiriú físiúil a thabhairt ar a bhfuil le déanamh
- taispeáint nuair atá tasc curtha i gcrích
- neamhspleáchas a mhéadú
- imní a laghdú
- rannpháirtíocht a mhéadú
- scileanna faoi leith a mhúineadh
Tá teimpléad samplach eile a bhaineann le struchtúr a chur ar thasc Lego i Leabharlann Gaeloideachas anseo. Is féidir teacht ar chinn eile ach an focal “struchtúr” a chuardach ann.
Tá breis eolais, físeáin, samplaí agus acmhainní cabhrach ar fáil ó Middletown ag na naisc thíos:
- https://best-practice.middletownautism.com/approaches-of-intervention/the-teacch-autism-programme/structured-tasks/
- https://youtu.be/8wiTuc1N8BE?si=ybidetUL2KZ5KZQK
- https://youtu.be/aWqddsiSW1s
- https://www.middletownautism.com/social-media/hand-and-finger-strength-structured-tasks-7-2020