Labhair Siobhán Uí Dhálaigh, múinteoir bunscoile atá ag múineadh i scoil lán-Ghaeilge i nGaillimh, faoi chothú timpeallachtaí néara-éagsúlachta agus an chaoi ar féidir tacú le páistí agus daoine óga néara-éagsúla sa chóras lán-Ghaeilge. Roinn sí a heispéireas féin sa seomra ranga agus lasmuigh de agus phléigh sí roinnt straitéisí agus dea-chleachtais éagsúla a bhféadfadh a bheith fíorúsáideach do naíonraí agus scoileanna agus iad ag tacú le páistí agus daoine óga néara-éagsúla.
Siobhán Uí Dhálaigh, Múinteoir Bunscoile i nGaelscoil Mhic Amhlaigh, Gaillimh
Is múinteoir bunscoile í Siobhán i nGaelscoil Mhic Amhlaigh, Gaillimh. Tá beagnach 30 bliain de thaithí aici ag obair i nGaelscoileanna agus scoileanna Gaeltachta. Tugann sí aoiléachtaí do mhúinteoirí faoi oiliúint ar an ionchuimsiú agus ar rannóg na tacaíochta. Oibríonn sí le páistí agus daoine óga ag tacú leo ar a dturas i ndiaidh dóibh fáil amach go bhfuil siad uathach. Cuireann sí ranganna tuismitheora ar fáil do thuismitheoirí le páistí uathacha.