Na Casaidigh ag canadh Trasna Na dTonnta le liricí ar an scáileán agus grianghraif ó Thír Chonaill. Físeán agus focla an amhráin ar an leathanach seo.
Focail an amhráin / liricí:
Curfá:
Trasna na dtonnta, dul siar, dul siar,
slán leis an uaigneas is slán leis an gcian,
geal é mo chroí agus geal í an ghrian,
geal a bheith ag filleadh go hÉirinn!
Chonaic mo dhóthain de thíortha i gcéin,
ór agus airgead, saibhreas an tsaoil,
éiríonn an croí (io)nam le breacadh gach lae,
is mé a(g) druidim le dúthaigh mo mhuintir.
Curfá
Muintir an Iarthair siad cairde mo chroí,
fáilte is féile bheidh romham ar gach taobh,
ar fhágaint an tsaoil seo is a ghuím ar an Rí,
gur leosan a shínfear i gcill mé.
Véarsa breise
Ar mo thriall siar ó éirigh mo chroí,
an aimsir go hálainn is tonnta deas réidh,
stiúradh go díreach go dúthaigh mo chliabh,
is bheidh mé in Éirinn amárach!