Don Oíche Úd i mBeithil le nótaí

Don oíche úd i mBeithil
beidh tagairt fén ghrian go brách.
Don oíche úd i mBeithil,
go dtáinig an Briathar slán.

Tá gríosghrua ar spéartha,
is an talamh (i)na chlúdach bán.
Féach Íosagán sa chléibhín
(i)s-an Mhaighdean á dhiúl le grá.

Ar leacain lom an tsléibhe,
go nglacann na haoirí scáth.
Ar oscailt gheal na spéire,
tá teachtaire Dé ar fáil.

“Céad glóir anois don Athair
i bhFlaitheasa thuas go hard,
is feasta fós ar talamh,
d’fheara dea-mhéin(e) síocháin.”

Focla ar fáil i PDF maisithe ar 🎶 Amhráin na Nollag 👼🎄🎅