Dréachsonraíocht ar Ghaeilge na hArdteiste – Cad iad na mórphointí?

May 11, 2021

Chuir Gaeloideachas dhá sheisiún eolais do thuismitheoirí ar fáil le seachtain anuas mar gheall ar na sonraíochtaí nua atá molta ag an CNCM don Ghaeilge san Ardteist i scoileanna T1.

Sna seisiúin seo, pléadh na himpleachtaí do dhaltaí agus múinteoirí i scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta; na tacaíochtaí agus acmhainní atá ar fáil/de dhíth; chomh maith leis na bealaí le soiléireacht a fháil ar na dréachtshonraíochtaí agus fiosrúcháin a chur in iúil.

Faigh thíos an t-eolas ábhartha ar fad a bheidh de dhíth ort mar thuismitheoir leis na hathruithe atá i ndán do do pháiste a tuiscint, seasamh Gaeloideachas ar na mórcheisteanna, naisc chuig na cáipéisí cuí agus na bealaí le do thuairimí a chur chun cinn.