Duine as gach deichniúr a labhraíonn Gaeilge gach lá

Jan 12, 2024

Gael as deich

Alt deas dearfach le Pádraic Ó Ciardha ag Tuairisc inniu bunaithe ar anailís ar Dhaonáireamh 2022 agus ar Dhaonáireamh 2021 sna sé chondae. De réir na hanailíse labhraíonn 10% den 6.8 milliún duine, trí bliana d’aois agus níos sine, Gaeilge go laethúil, bíodh sin sa gcóras oideachais nó lasmuigh de. Bunaithe ar na sonraí atá le fáil san alt tá tábhacht an chórais tumoideachais soiléir. Duine as gach deichniúr in Éirinn a labhraíonn Gaeilge gach lá ar Tuairisc.ie