Early Immersion Education in the Naíonra Setting
Tá dianchúrsa á reáchtáil ag Gaeloideachas sna coláistí tríú leibhéal chun tacú le mic léinn atá ag ullmhú le bheith ina múinteoirí amach anseo. Tugann an cúrsa deis dóibh cur lena gcuid scileanna agus eolais maidir leis an tumoideachas a chur i bhfeidhm sa naíonra.
Trí ghníomhaíochtaí praiticiúla, smaointe nua agus dea-chleachtais a roinnt, táthar ag cothú muiníne agus ag cur le tuiscint na mac léinn ar an tábhacht a bhaineann le timpeallacht shaibhir Ghaeilge a chruthú. Is cuid thábhachtach den obair seo é tacú leis an gcéad ghlúin eile de mhúinteoirí chun todhchaí láidir a chinntiú do na naíonraí.
Ó thús mí Mheán Fómhair, bhíomar in DCU, UCC, Institiúd Oideachais Marino agus Coiste Cúram Leanaí Baile Átha Cliath.