Earnáil na Naíonraí lasmuigh den Ghaeltacht ag stad na géarchéime, dar le Gaeloideachas

Oct 19, 2023

Léiríonn tuarascáil foilsithe ag an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige ar an 18 Deireadh Fómhair 2023 nach bhfuil ach 53 naíonra ag feidhmiú trí Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht

Tugann torthaí an ghníomh mapála a thug an Roinn Leanaí faoi le déanaí, Suirbhé ar Sholáthar i suíomhanna Luath-Óige agus Cúram Leanaí Lán-Ghaeilge, léiriú an-lom ar staid reatha na naíonraí lasmuigh den Ghaeltacht, a deir Gaeloideachas, an eagraíocht náisiúnta tacaíochta agus abhcóideachta do scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta agus do naíonraí lasmuigh den Ghaeltacht. Foilsíodh tuarascáil na Roinne ar thorthaí an suirbhé – a scaipeadh ar suíomhanna foghlaim agus cúram na luath-óige agus cúram leanaí aois scoile lán-Ghaeilge – inné, 18 Deireadh Fómhair 2023, agus sa suirbhé ar a bhfuil an tuairisc bunaithe, níor thug ach 53 naíonra lasmuigh den Ghaeltacht le fios go bhfuil siad ag feidhmiú go hiomlán trí Ghaeilge. Cé nach raibh sé éigeantach do naíonraí an suirbhé a fhreagairt, measann Gaeloideachas go bhfuil na torthaí a léirítear ann réasúnta cruinn mar thomhais.

Beidh an tuarascáil seo mar chuid den bhuntaighde i bhforbairt ‘Plean Cuimsitheach Gníomhaíochta chun forbairt agus cur chun cinn Sholáthar Gaeilge i suímh Fhoghlaim agus Chúram na Luath-Óige agus Cúraim Leanaí ar Aois Scoile’, atá le foilsiú ag an Roinn Leanaí i 2024. Ní fios go fóill, áfach, cén scóip a bheidh ag an bplean céanna nó cén acmhainní a chuirfear ar fáil le plean gnímh a fheidhmiú ina leith. Tá an-imní ar Gaeloideachas gur sop in áit na scuaibe a bheas sa phlean, agus go mbeidh tuilleadh moille ar idirghabháil straitéiseach leis na naíonraí lasmuigh den Ghaeltacht a neartú idir an dá linn.

Is é seo an chéad uair gurb eol do Gaeloideachas gur bhailigh an Roinn Leanaí eolas maidir leis an teanga ina bhfuil seirbhísí do leanaí óga ag feidhmiú, cé go bhfuil naíonraí ann ó na 1970idí. Go fóill, níl córas ag an Stát le naíonra a aithint mar chineál seirbhís ar leith, suíomh ina bhfuil tumoideachas á chleachtadh agus a bhfuil riachtanais tacaíochta ar leith ag a phobal dá réir. Níl eolaire poiblí ar fáil ón Stát do thuismitheoirí maidir le cá háit ina bhfuil an naíonra is gaire dóibh, agus ní roinnfear go poiblí sonraí na naíonraí a ghlac páirt sa suirbhé mapála.

“Seo croílár na faidhbe: Mura n-aithnítear suíomhanna tumoideachais go sonrach mar shuíomhanna uathúla a fheidhmíonn i gcomhthéacs ar leith, ní chuirfear tacaíocht chuí ar fáil dóibh len’ iad a chaomhnú, a neartú, agus a fhorbairt,” a deir Bláthnaid ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach Gaeloideachas. “Tá an bhearna sholáthair an-soiléir nuair a chuirtear an 53 naíonra i gcomparáid le 153 bhunscoil lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht. Níl áit sa naíonra ann do gach páiste gur mian leo é, agus níl aon phlean gníomhach ag an Stát le líon na naíonraí a mhéadú, nó fiú infheistíocht a dhéanamh leis an meath a mhaolú.”

Tuigeann Gaeloideachas gur dhún ar a laghad 17 seirbhís naíonra ó 2016 i leith, ach ní dhéanann na forais Stáit scagadh ar na seirbhísí a dhún de réir an teanga inar fheidhmigh siad, mar sin tá Gaeloideachas ag brath ar eolas ó na naíonraí féin agus ar theagmháil dhíreach leo. Rinneadh iarrachtaí thar na blianta tomhas cruinn a fháil ar líon na naíonraí trí Forbairt Naíonraí Teoranta (FNT, a dhún i 2014) agus Gaeloideachas, ach níl aon dualgas ar naíonraí plé le heagraíochtaí deonacha agus in earnáil atá cheana féin báite faoi ualach riaracháin, níorbh fhéidir tuairisciú éigeantach a bhrú orthu.

Tháinig deireadh le FNT mar thoradh ar chuíchóiriú ar earnáil dheonach na Gaeilge agus cinneadh na Roinne Leanaí gan maoiniú a chur ar fáil dóibh a thuilleadh. Buille trom a bhí ann do na naíonraí, a lean buille trom eile in 2013, nuair a cuireadh deireadh leis an scéim fóirdheontais do naíonraí a bhí á riaradh ag FNT agus á maoiniú ag Foras na Gaeilge. Chaill na naíonraí lasmuigh den Ghaeltacht breis agus €1.3 milliúin d’infheistíocht spriocdhírithe leis an dá chinneadh thuas, agus cé go bhfuil Gaeloideachas anois ag cur tacaíocht ar fáil dóibh, tá sé an-teoranta, ceal acmhainní agus maoiniú.

“Briseadh croí a bhíonn ann do gach seirbhís a dhúnann, an formhór toisc nach féidir foireann a earcú nó a choinneáil toisc coinníollacha pá san earnáil. Cailltear deiseanna do na céadta páistí Gaeilge a shealbhú agus iad ag tús a n-aistear oideachais,” a deir Uachtarán Gaeloideachas, Micheál S. Mac Donnacha. “Ní féidir leis an earnáil tuilleadh meatha a sheasamh, tá an mhuinín ag laghdú ar feadh an ama agus tá géarghá le gníomhú luath seachas mall. Tá Gaeloideachas ag éileamh go gcuirfí scéim fóirdheontais ar fáil do na naíonraí ar bhonn práinne, go ndéanfar infheistíocht i seirbhís tacaíochta agus comhairliúcháin sonrach do na seirbhísí tumoideachais agus go dtabharfar an t-aitheantas dóibh atá tuilte acu, agus a thuileann na páistí a dtagann faoina gcúram.”

“Ainneoin an léargas duairc atá sa tuarascáil seo ar staid na naíonraí lasmuigh den Ghaeltacht, léiríonn an tuarascáil go bhfuil an Roinn Leanaí ag tabhairt airde ar an gceist faoi dheireadh,” dar le Clare Spáinneach, Bainisteoir Seirbhísí Gaeloideachas. “É sin ráite, tá i bhfad níos mó tacaíochta agus infheistíochta ag teastáil, agus é ag teastáil anois, le todhchaí na hearnála a chinntiú ionas go mbeidh naíonraí ann amach anseo mar bhunchloch an tumoideachais do gach teaghlach a roghnaíonn an oideachas lán-Ghaeilge dá bpáistí.”