Cart

Eitleog do Thuismitheoirí: Gach Eolas Faoin Agóid, 5 Feabhra.

by | Jan 28, 2020 | Muinteoirí, Nuacht ar fad, Tuismitheoirí

Táimid ag tnúth le slua mór tacaíochta do na naíonraí ag Agóid na Luathbhlianta, ar 5 Feabhra. Mar is eol daoibh, beidh Gaeloideachas ag bualadh ag céimeanna an Hugh Lane Gallery, ar Chearnóg Parnell ag 11:15am le máirséal leis na naíonraí. 

Tá eitleog dátheangacha curtha le chéile againn le gur féidir libh an t-eolas faoin agóid agus na héileamh atá á lorg ag naíonraí san agóid a scaipeadh ar na tuismitheoirí sa naíonra. Tá súil againn go gcabhróidh sé seo libh níos mó tacaíochta agus tuisceana a fháil i leith na hagóide agus sibh ag déanamh cinneadh faoi foireann a scaoileadh le freastal ar an agóid nó bhur seirbhísí a dhúnadh ar an lá. Íoslódáil Anseo

Tá ócáid cruthaithe ag Comhaontú na Luathbhlianta (Early Years Alliance) ar Eventbrite don Agóid – más mian libh go mbeadh bhur  bhfreastal ar an lá san áireamh agus bhur nguthanna le cloisteáil, is féidir clárú ag an nasc seo. Ní hamháin go mbeidh an EYA ar an eolas faoi líon na rannpháirtithe ar an máirseáil, ach beidh guth na Gaeilge agus na naíonraí feiceálach chomh maith.

Agus más mian libh teagmháil a dhéanamh linne le rá go mbeadh sibh i láthair le Gaeloideachas ar 5 Feabhra, is féidir ríomhphost a sheoladh chuig jill@gaeloideachas.ie

Ní gá bheith cláraithe roimh am, áfach – cuirfear fáilte roimh gach éinne ar an lá. Lean #guthaontaithe agus #oneunitedvoice ar líne agus tacaigh leis na naíonraí ar na meáin shóisialta más féidir!