Fáilte á cur roimh mhaoiniú breise faoi Scéim na gCúntóirí Teanga ag Gaeloideachas

May 16, 2022

Cuireann Gaeloideachas fáilte roimh fhógairt an mhaoinithe breise do bhunscoileanna Gaeltachta le huaireanta breise teagaisc a chur ar fáil faoi Scéim na gCúntóirí Teanga.

D’fhógair an tAire Stáit don Ghaeltacht agus don Spórt, Jack Chambers, le déanaí go gceadófar ciste breise trí bliana faoin scéim ar fiú suas le €72,000. Cuirfear tacaíocht ar fáil do sheacht mbunscoil Ghaeltachta le níos mó ná 100 dalta iontu agus beidh idir uair agus seacht n-uair breise teagaisc in aghaidh na seachtaine ar fáil dóibh ag brath ar an líon daltaí sa scoil.

“Is scéim iontach tábhachtach, scéim na gcúntóirí teanga agus cuireann na cúntóirí go mór le múineadh agus forbairt na Gaeilge sna scoileanna Gaeltachta,” a dúirt Uachtarán Gaeloideachas, Mícheál S. Mac Donnacha. “Is cúis áthais dúinn go bhfuil an scéim ag láidriú agus go bhfeictear an tábhacht atá leis an scéim. Tá gach tacaíochta ag teastáil chun tacú le forbairt an Polasaí don Oideachais Gaeltachta sna scoileanna Gaeltachta.”

“Fáiltímid freisin roimh sheoladh an leabhrán nua, Ról an Chúntóra Teanga,” a dúirt Ardfheidhmeannach Gaeloideachas, Bláthnaid ní Ghréacháin. “Áis thábhachtach a bheidh sa leabhrán seo a thugann léargas ar obair an chúntóra teanga, agus beidh sé ina fhoinse luachmhar tagartha agus tacaíochta ní hamháin do chúntóirí teanga, ach d’fhoirne scoileanna Gaeltachta chomh maith amach anseo.” 

Leis an maoiniú breise seo san áireamh, beidh tuairim is €1,230,943 in iomlán á chur ar fáil in aghaidh na scoilbhliana faoin scéim, agus bainfidh 134 scoil Ghaeltachta leas as le 114 cúntóir teanga i mbun oibre iontu.

Críoch

Nótaí don eagarthóir

Teagmháil

Bláthnaid ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach| blathnaid@gaeloideachas.ie | 01 8535195 | 086-8050335

Mícheál S. Mac Donnacha, Uachtarán | uachtaran@gaeloideachas.ie | 087-2891544

Gaeloideachas
Is ceanneagraíocht náisiúnta í Gaeloideachas a thacaíonn le forbairt an oideachais lán-Ghaeilge agus Gaeltachta ag an mbunleibhéal agus ag an iar-bhunleibhéal.

Tugann Gaeloideachas comhairle, cúnamh agus tacaíocht do dhaoine ar mian leo oideachas lán-Ghaeilge dá bpáistí, chomh maith le seirbhísí tacaíochta agus abhcóideachta do scoileanna lasmuigh agus laistigh den Ghaeltacht mar aon le naíonraí lasmuigh den Ghaeltacht.