Fáilte mhór roimh Geabaire: cumarsáid bhreisitheach agus mhalartach trí Ghaeilge

Sep 29, 2026

Tá an-áthas ar Gaeloideachas go bhfuil Geabaire, córas AAC (cumarsáid bhreisitheach agus mhalartach), seolta agus curtha ar fáil go hoifigiúil anois. Cinnteoidh Geabaire go bhfuil an chumarsáid trí Ghaeilge níos ionrochtana agus níos ionchuimsithí do chách, agus go bhful níos mó deiseanna ag úsáideoirí AAC iad féin a chur in iúl agus a bheith rannpháirteach i saol na Gaeilge.

Trí AAC a bheith ar fáil as Gaeilge, tá bealach nua agus deiseanna breise á gcur ar fáil do pháistí nach labhraíonn nó atá ar bheagán cainte chun cumarsáid a dhéanamh, a bhféiniúlacht a cheiliúradh, agus bláthú san oideachas lán-Ghaeilge. Tá sé de cheart ag gach duine a nguth a chloisteáil, agus cabhróidh Geabaire leis sin a chinntiú.

Athróidh Geabaire an saol ó bhonn do pháistí agus do dhaoine óga sa chóras oideachais lán-Ghaeilge. Ó leibhéal an naíonra ar aghaidh, tabharfaidh sé guth eile dóibh – cabhróidh sé leo iad féin a chur in iúl ar bhealach eile, naisc a dhéanamh le daoine eile, páirt a ghlacadh agus fíormhuintearas a dhéanamh.

Comhghairdeas mór ó chroí le Julia Cummins, An Dr Neasa Ní Chiaráin, an Dr Emily Barnes, an tOllamh Ailbhe Ní Chasaide, agus foireann uile Abair i gColáiste na Tríonóide as an gcóras cumarsáide seo a fhorbairt agus a chur ar fáil, mar aon leis na páistí agus daoine óga ar fad a spreag an tionscadal ríthábhachtach seo ón gcéad lá. Treise libh!

Is féidir breis a léamh faoi Geabaire ar shuíomh RTÉ anseo.