Fáiltíonn an tAire roimh iarratais don phátrúnacht ar thrí bhunscoil nua a bhunófar i 2021

Nov 13, 2020

Thug an tAire Oideachais Norma Foley TD cuireadh inniu do chomhlachtaí pátrúnachta scoile/do chomhlachtaí ionchasacha pátrúnachta iarratas a dhéanamh ar phátrúnacht bunscoileanna nua atá le bunú i Meán Fómhair 2021.

Dúirt an tAire Foley: “Tá éiginnteacht, ar go leor bealaí, ag baint leis na hamanna seo do phobail scoile. Is cúis áthais dom a fhógairt, áfach, go dtosóidh tús an phróisis phátrúnachta do na scoileanna seo ionas gur féidir linn ullmhú dá n-oscailt i mí Mheán Fómhair seo chugainn. Léirigh an próiseas pátrúnachta iar-bhunscoile atá idir lámha faoi láthair go bhfuil tuismitheoirí agus pátrúin gafa leis an bpróiseas in ainneoin na gcúinsí neamhghnácha. Tá sé tábhachtach go dtarlaíonn an próiseas pátrúnachta do na bunscoileanna atá le hoscailt i 2021 ar an mbealach is nádúrtha agus is féidir, agus go mbíonn deis ag pátrúin iarratas a dhéanamh chun na scoileanna nua a reáchtáil, agus go mbíonn deis ag tuismitheoirí a rogha a léiriú maidir le pátrún.”

Leanann cuireadh an lae inniu ón bhfógra ó 2018 go mbunófaí 47 scoil nua chun freastal ar fhás déimeagrafach thar na tréimhse ceithre bliana ó 2019 go 2022.

Le déanaí, chríochnaigh an Roinn an chéad chéim ar athbhreithniú nuashonraithe ar dhéimeagrafaic ag leibhéal na bunscoile, agus airdeall tugtha d’eolas nuashonraithe ar dhéimeagrafaic agus ar fhorbairt chónaithe bhreise. I ndiaidh an athbhreithnithe seo cheadaigh an tAire Oideachais roinnt athruithe ar liosta na mbunscoileanna atá le bunú i 2021, mar seo a leanas:

Scoileanna atá le bunú i 2021, mar atá pleanáilte, sna limistéir phleanála scoile a leanas:

  • Domhnach Míde_Binn Éadair_Áth Cliath13
  • Áth Cliath 2_Áth Cliath 4
  • An Naigín_Cill Iníon Léinín_DLR/Thuaidh

Rinneadh bunú na scoileanna seo a iarchur ó 2021:

  • Bré/Sruthán na Coille Seangánach
  • Cluain Dolcáin_Áth Cliath 22
  • Garrán na mBráthar_Cathair Chorcaí
  • Nás na Rí
  • Cill Chainnigh/Cathair, Ceantair an Iarthair

Leanfar leis an obair phleanála agus ullmhúcháin san idirlinn do chóiríocht na scoileanna thuasluaite.

Déantar próiseas pátrúnachta a reachtáil nuair a bhíonn cinneadh déanta go bhfuil gá le scoil nua.

Mar thoradh ar bhearta a cuireadh i bhfeidhm chun fáil ar oideachas trí mheán na Gaeilge a mhéadú mar chuid den phróiseas pátrúnachta a fógraíodh i mí Mheán Fómhair 2019, ainmníodh dhá cheann de na scoileanna nua, i nDomhnach Míde_Binn Éadair_Áth Cliath 13 agus Áth Cliath 2_Áth Cliath 4, mar bhunscoileanna lán-Ghaeilge. Dá réir sin, cé nach n-iarrfar ar thuismitheoirí sna limistéir seo rogha teanga a léiriú, moltar do thuismitheoirí a rogha pátrúnachta do na scoileanna a chur in iúl.

Ba chóir do phátrúin ionchasacha foirm iarratais a chomhlánú, atá ar fáil ar láithreán gréasáin na Roinne, agus í seo a sheoladh chuig an Roinn ar ríomhphost faoi 11a.m. ar an 19 Samhain 2020.

Cuirfidh an fhaisnéis san fhoirm sin eolas ríthábhachtach ar fáil do thuismitheoirí agus do chaomhnóirí maidir le rogha a léiriú, ceann de na príomhchinntithigh don phátrúnacht.

Agus cuireadh á thabhairt aici inniu d’iarratais ó phátrúin leasmhara/pátrúin ionchasacha, dúirt an tAire Foley: “Beidh roghanna tuismitheoirí do gach ceann de na pátrúin, ó thuismitheoirí/chaomhnóirí leanaí a bhfuil cónaí orthu sna limistéir phleanála scoile atá i gceist, mar aon le méid éagsúlachta an tsoláthair atá ar fáil faoi láthair sna réimsí seo, ríthábhachtach do chinntí thoradh an phróisis seo.

“Tá áthas ar leith orm go bhfuil dhá cheann de na trí bhunscoil nua seo ainmnithe mar bhunscoileanna lán-Ghaeilge sula reáchtáiltear an CPPL, ag soláthar rogha trí mheán na Gaeilge, nach raibh ar fáil go dtí seo, do thuismitheoirí sna limistéir phleanála scoile seo” 

Rinneadh an Córas um Phróiseas Pátrúnachta ar Líne (CPPL) a fhorbairt chun eolas oibiachtúil a sholáthar do thuismitheoirí agus do chaomhnóirí le rogha eolach a dhéanamh maidir le rogha samhail phátrúnachta agus teanga teagaisc d’oideachas a linbh, lena n-áirítear an rogha atá acu dá leanbh oideachas a fháil trí mheán na Gaeilge nó an Bhéarla i gcás na scoile nua do limistéar pleanála An Naigín_Cill Iníon Léinín_DLR/Thuaidh. Osclófar an CPPL do roghanna tuismitheoirí a luaithe agus a bhíonn an próiseas iarratais pátrúnachta críochnaithe.

Déanann an Grúpa um Bhunú Scoileanna Nua (GBSN) maoirseacht ar an bpróiseas pátrúnachta do scoileanna nua. Bunaíodh an Grúpa seo in 2011 chun comhairle a chur ar an Aire faoi phátrúnacht scoileanna nua tar éis machnamh a dhéanamh ar thuairisc a bhíonn ullmhaithe ag an Roinn faoi na hiarratais a bhíonn faighte.

Déanfar na scoileanna a bhunú de réir na riachtanas agus na gcritéar a fógraíodh don chéad uair, i mí an Mheithimh 2011, faoi phátrúnacht scoileanna nua. Tá na riachtanais agus na critéir seo foilsithe ar láithreán gréasáin na Roinne agus cuirfear iad ar fáil freisin d’iarratasóirí ionchasacha. Caithfidh pátrúin iarratasóra a dheimhniú go gcomhlíonfaidh siad gach ceann de na riachtanais agus na critéir ionas gur féidir a gcuid iarratas a phróiseáil.