FÉACH SIAR: Scaradh Teanga & Scaradh Sóisialta
Tá an seimineár seo ar fáil ar YouTube agus ar ár suíomh anois d’éinne nach bhfuair an deis freastal ar an oíche nó gur mhaith leo breathnú siar ar na rudaí a luadh ann.
Faigh sleamhnáin an tseimineár anseo.
Scaradh Teanga & Scaradh Sóisialta: Tábhacht an diantumtha & straitéisí praiticiúla ina leith Dírithe ar: Muinteoirí bunscoile
Aoichainteoirí: Dr T.J. Ó Ceallaigh, Coláiste Mhuire gan Smál, Anna Ní Chartúir, Scoil Sailearna agus Dónal Ó hAiniféin, Gaelscoil Mhíchíl Cíosóig (Cathaoirleach)
Bhí an cheardlann thábhachtach ar siúl ag Gaeloideachas thar Zoom ar an 16ú Meán Fómhair do mhúinteoirí agus phríomhoidí bunscoile ar an tábhacht a bhaineann le tumadh éifeachtach sa teanga ag tús na scoilbhliana seo de dheasca cúinsí a bhaineann le COVID-19.
Roinneadh straitéisí praiticiúla agus moltaí le linn na ceardlainne a mbeidh múinteoirí in ann a chur i bhfeidhm ina seomraí ranga féin. Le linn tréimhse dhúnta na scoileanna, ní raibh an teagmháil chéanna ag go leor scoláirí leis an nGaeilge – teagmháil atá riachtanach le cur lena gcuid scileanna agus saibhris teanga. Céard is féidir le scoileanna a dhéanamh anois le cinntiú go bhfuil go leor deiseanna fiúntacha ag na scoláirí bheith diantumtha go héifeachtach sa teanga?