Feachtais

Fís Gaeloideachas ná go mbeidh córas eiseamláireach tumoideachais, ón naíonra go bunscoil go hiar-bhunscoil ar fáil do gach uile dhuine.
Seo thíos na feachtais a bhfuil muid ina mbun faoi láthair agus muid ag obair i dtreo fíorú na físe. Fáiltíonn muid go mór roimh moltaí agus cúnamh maidir leis na spriocanna seo a bhaint amach. Déan teagmháil linn ar eolas@gaeloideachas.ie.
Bainigí leas as an eolas thíos le dul i bhfeidhm ar pholaiteoirí agus páirtithe polaitiúla – cabhróidh sé leo an cás a thuiscint agus is láidre an cás má thagann sé ón bpobal lena mbaineann.
Nod do mhúinteoirí bunscoile agus iar-bhunscoile – cuirigí ar aghaidh bhur n-iarratais ar chúnamh chuig na ceardchumainn a bhfuil sibh cláraithe leo. Cabhraíonn sé go mór leo cás láidir a chur chun tosaigh má bhíonn na héilimh ag teacht go tréan ó na cleachtóirí. Tá Gaeloideachas i mbun comhchainteanna leo, ach is ag múinteoirí atá an chumhacht agus an tionchar.
Is féidir bileog le hachoimre ar na héilimh atá againn don earnáil a íoslódáil anseo: Vótáil ar son gaeloideachas – Vote to support Irish-medium education.
Is féidir leagan níos iomláine a íoslódail anseo: Cáipéis Stocaireachta 2025
Aitheantas agus tacaíocht do naíonraí
Aithnítear naíonraí mar bhunchloch an chóras tumoideachais in Éirinn. Lasmuigh den Ghaeltacht is minic iad a bheith mar an chéad teagmháil ag páistí leis an nGaeilge, agus do pháistí atá á dtógáil le Gaeilge, tá na naíonraí riachtanach le cinntiú go bhfaigheann siad luath-oideachas ina dteanga dhúchais féin. Ba cheart go mbeadh deis ag gach páiste, cuma cén teanga baile, riachtanais speisialta nó cúlra cultúrtha atá acu, freastal ar naíonra áitiúil más mian leo é.
Tá líon na naíonraí ag titim ag ráta suntasach lasmuigh den Ghaeltacht. Níl naíonra ann do gach bunscoil, agus tá na naíonraí go mór faoi bhagairt toisc easpa infheistíochta.
Tá Gaeloideachas ag éileamh go ndéanfar infheistíocht straitéiseach sna luathbhlianta lán-Ghaeilge le scéim a chabhróidh le naíonraí múinteoirí a earcú, a chumasú agus a choinneáil agus oideachas luathbhlianta den scoth a chur ar fáil do pháistí óga.
De réir tuairiscí atá faighte ag Gaeloideachas ó naíonraí a dhún le blianta beaga anuas, is toisc nárbh fhéidir foireann le Gaeilge a earcú nó a choinneáil don chuid is mó a dúnadh na seirbhísí lán-Ghaeilge. Tá géarchéim earcaíochta in earnáil na luathbhlianta i gcoitinne, ach tá sé níos géire sna naíonraí. Go hiondúil, is uaireanta páirtaimseartha a bhíonn i gceist d’fhoireann na naíonraí lasmuigh den Ghaeltacht agus feidhmíonn siad de réir féilire na scoilbhliana. Tá na rátaí pá san earnáil íseal, ní íoctar foireann na naíonraí le linn na saoire, agus ní íoctar aon liúntas leo as bheith ag obair trí mheán na Gaeilge.
Idir 2013 – 2014 cailleadh €1.4 milliún do mhaoiniú Stáit do na naíonraí, idir €876,900 don scéim fóirdheontais, arna maoiniú ag Foras na Gaeilge agus €500,000 nuair a tháinig deireadh le maoiniú Pobal do Forbairt Naíonraí Teoranta (FNT). Ainneoin gur bronnadh ról tacaíochta ar Gaeloideachas sa réimse, níor lean na socruithe maoinithe agus níl na seirbhísí atá á soláthar ag Gaeloideachas chomh cuimsitheach is a bhí seirbhísí FNT, ceal maoinithe agus acmhainní. Tá scéim nua fóirdheontais de dhíth a chabhródh le naíonraí seirbhís a sholáthar trí Gaeilge agus foireann a earcú agus a choinneáil leis na hinniúlachtaí chuí sa Ghaeilge.
Méadú ar líon na scoileanna
Faraor, níl oideachas lán-Ghaeilge ar fáil mar rogha do gach páiste mar níl dóthain naíonraí agus scoileanna ar fáil dóibh.
Le beart a dhéanamh de réir briathair, is gá don Stáit cinntiú go bhfuil naíonra, bunscoil agus iar-bhunscoil lán-Ghaeilge ar fáil in achar réasúnta taistil trí fhorbairt phleanáilte soláthair, bunú naíonraí agus scoileanna nua, agus cinntiú go bhfuil soláthar don oideachas speisialta lárnach sna pleananna sin.
Cé go bhfuil éileamh ar oideachas lán-Ghaeilge ag 23% i measc tuismitheoirí na tíre de réir taighde, níl fáil ag gach páiste sa tír ar oideachas leanúnach trí Ghaeilge.
Níl ach timpeall ar 8% de dhaltaí bunscoile na tíre ag fáil a gcuid oideachais trí Ghaeilge agus níl aon mhéadú suntasach tagtha ar an bhfigiúr seo le deich mbliana anuas.
Níl iar-bhunscoil ann do gach bunscoil lán-Ghaeilge agus tá 13 chontae nach bhfuil aon iar-bhunscoil lán-Ghaeilge acu.
Tá Gaeloideachas i mbun feachtas in éineacht le An Foras Pátrúnachta, Conradh na Gaeilge agus grúpaí pobail timpeall na tíre le scoileanna nua a bhaint amach dá bpáistí. Tá gach eolas maidir leis an bhfeachtas seo ar fáil ar www.gaelscoil4all.ie.
Réiteach ar an nganntanas múinteoirí
Tá ganntanas múinteoirí sna scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta ag an mbunleibhéal agus ag an iar-bhunleibhéal.
.
Molann Gaeloideachas an liúntas don teagasc trí Ghaeilge a thabhairt ar ais agus a chinntiú go bhfaigheann múinteoirí gach tacaíocht le hoideachas ionchuimsitheach trí mheán na Gaeilge a chur ar fáil do gach páiste.
Bronnadh an liúntas an chéad lá riamh mar chomhartha aitheantais ar an ualach breise a bhaineann le teagasc i suíomh lán-Ghaeilge thairis i scoil a fheidhmíonn trí Bhéarla.
Samplaí den ualach breise atá i gceist:
- Ábhar comhaimseartha a dhéanamh as an nua, trí oiriúnú ar ábhar Béarla, nó trí aistriúchán – ar am pearsanta an mhúinteora – le teacht lena bhfuil ag titim amach ar fud an domhain
- Gan soláthar téacsleabhar nó ábhar tacaíochta a bheith ar fáil ag leibhéal na hiar-bhunscoile ar chomhleibhéal leis na scoileanna Béarla
- Scrúduithe caighdeánacha don Ghaeilge (Rang 2, 4, agus 6) ar bhonn éigeantach, san áit nach bhfuil aon riachtanas sna scoileanna Béarla, agus tabhairt faoi na scrúduithe seo go bliantúil mar dhea-chleachtas ar mhaithe le caighdeán a mheas agus dúshláin a aithint
- Dúbailt oibre i gceist le comhfhreagras agus cumarsáid le tuismitheoirí go dátheangach
- Scileanna inniúlachta sa teanga a choinneáil ag leibhéal ard
- Tacaíocht foghlama a chur ar fáil sa dá theanga, de réir riachtanais an pháiste
- An Ghaeilge a chur chun cinn mar theanga an tsóisialaithe agus teanga phobal na scoile, agus imeachtaí agus turais chun na Gaeltachta a eagrú leis seo a bhaint amach
- Freagrachtaí breise leis an gcothromaíocht chuí a aimsiú idir sainábhar a mhúineadh agus béim chuí a leagan ar an sealbhú teanga
- Uirlisí measúnaithe a chruthú i nGaeilge le measúnú a dhéanamh ar inniúlachtaí éagsúla, go háirithe chun tacaíocht chuí a chur ar fáil do scoláirí a bhfuil riachtanais tacaíochta faoi leith acu – níl na huirlisí seo á gcur ar fáil ar bhonn caighdeánach ag áisíneachtaí Stáit
Polasaí láidir don Oideachas lán-Ghaeilge
Léigh thíos aighneacht a chur Gaeloideachas chur faoi bhráid na Roinne Oideachais in Eanáir 2023, ag freagairt don chomhairliúchán ar fhorbairt pholasaí don oideachas lán-Ghaeilge. Cuimsíonn an aighneacht seo saintuiscint agus saineolas Gaeloideachas ar an earnáil seo le 50 bliain anuas. Anuas air sin, bailíodh tuairimí ár mbaill agus an phobail níos leithne agus tógadh san áireamh iad ann.
Preasráitis agus clúdach sna meáin
Staitisticí an Naíonra 2026/27
Fáilte mhór ar ais chuig an Naíonra. Tá muid ag súil le bheith ag obair libh agus ag tacú libh i gcaitheamh na bliana. Tá Gaeloideachas ag bailiú staitisticí ó na naíonraí. Cuidíonn na staitisticí seo le clár oibre Gaeloideachas agus muid ag abhcóideacht agus ag plé...
Tionól Forbartha Gaeloideachas i bpáirt le COGG 2026
Tionól Forbartha Gaeloideachas i bpáirt le COGG 2026 Dáta: 13 Samhain 2026 Ionad : Óstán Slieve Russell, Co an Chábhain Tá eolas & clarúchan thíos: Tionól Forbartha - Eolas & Clárúchán
Tá Eipic ar ais saor in aisce
Is í Eipic an t-aon iris nuachta Gaeilge in Éirinn do léitheoirí óga agus tá sí ag filleadh saor in aisce don scoilbhliain 2026/27 i gcomhpháirt le COGG. Foilseofar Eipic uair sa téarma ag díriú ar Nuacht, ETMI, Stair, Na hEalaíona, Spórt agus Fólláine. Níl le déanamh...
Gailearaí
Cliceáil thíos chun grianghraif de chuid dár n-ghníomhaíocht a fheiceáil in éineacht lenár bpobail naíonra agus scoile.
Aighneachtaí agus Páipéir Seasaimh
Foilsítear eolas maidir le haon bhrústocaireacht a dhéanann Gaeloideachas ar www.lobbying.ie. Foilseofar aighneachtaí agus páipéir sheasaimh eile sa leabharlann agus is féidir iad a chuardach thíos.
| Title | Summary | Link | hf:doc_categories | hf:doc_tags |
|---|---|---|---|---|
| Aighneacht Gaeloideachas mar chuid den Chomhrá Náisiúnta ar Oideachas | Aighneacht a chuir Gaeloideachas isteach ag freagairt don Chomhrá Náisiúnta ar Oideachas. Dáta aighnithe: Feabhra 2026 | aighneacht-submission bunscoil-primary gaeilge-amhain-irish-only iar-bhunscoil-post-primary naionra-preschool cineal-type leibheal-level teanga-language | ||
| Aighneacht ag freagairt don chomhairliúchán ar Céim | Aighneacht a chuir Gaeloideachas isteach mar chuid den athbhreithniú ar Céim: Caighdeáin d’Oideachas Tosaigh Múinteoirí á riaradh ag an gComhairle Mhúinteoireachta. Is é Céim beartas na Comhairle Múinteoireachta ina leagtar amach na caighdeáin atá riachtanach do chreidiúnú na gclár d’Oideachas Tosaigh Múinteoirí (OTM) in Éirinn, a chinntíonn go bhfuil céimithe incháilithe chun clárú mar mhúinteoirí bunscoile agus iar-bhunscoile leis an gComhairle. I measc na réimsí a pléadh in aighneacht Gaeloideachas, bhí soláthar múinteoirí, múineadh na Gaeilge, ionchuimsitheacht agus ceangail idir na leibhéil. Dáta aighnithe: Márta 2026 | aighneacht-submission bunscoil-primary gaeilge-amhain-irish-only iar-bhunscoil-post-primary na-meain-media taighdeoir-researcher cineal-type leibheal-level teanga-language usaideoir-user | ||
| Aighneacht Gaeloideachas mar chuid den Chomhairliúchán Poiblí ar an Scéim Socruithe Réasúnta ag Scrúduithe an Teastais Stáit (RACE) | Aighneacht a chuir Gaeloideachas isteach mar chuid den athbhreithniú ar an Scéim Socruithe Réasúnta ag Scrúduithe an Teastais Stáit (RACE), á riaradh ag Coimisiún na Scrúduithe Stáit. San aighneacht, dírítear ar shainriachtanais na hearnála lán-Ghaeilge agus Gaeltachta, agus riachtanais scoláirí atá ag fáil a gcuid oideachais trí mheán na Gaeilge agus a bhfuil na tacaíochtaí breise seo ag teastáil uathu. Tá sé mar bhunriachtanas agus ag croílár na hionchuimsitheachta go bhfuil scoláirí a fhoghlaimíonn trí mheán na Gaeilge, mar aon le scoláirí a bhfuil an Ghaeilge mar phríomhtheanga acu, in ann rochtain chothrom a fháil ar thacaíochtaí cuí agus ar shocruithe réasúnta agus iad i mbun scrúduithe Stáit. Ní mór do na tacaíochtaí seo a bheith curtha in oiriúint don chomhthéacs teanga, fianaisebhunaithe, agus tacú lena gnáthbhealach foghlama na scoláirí. Ní mór do gach tacaíocht a bheith curtha ar fáil gan mhoill chomh maith le himní agus strus a laghdú. Dáta aighnithe: 7 Bealtaine … | aighneacht-submission gaeilge-amhain-irish-only cineal-type teanga-language | rso-special-education | |
| Aighneacht Gaeloideachas don Athbhreithniú Criticiúil Tréimhsiúil ar an gComhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta | Gaeloideachas submission for NCSE Periodic Critical Review | Pointí breise Gaeloideachas mar chuid den Athbhreithniú Criticiúil Tréimhsiúil ar an gComhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta – Mí na Nollag 2025. | aighneacht-submission bearla-amhain-english-only bunscoil-primary iar-bhunscoil-post-primary naionra-preschool cineal-type teanga-language leibheal-level | ||
| Aighneacht Gaeloideachas maidir le Comhairliúcháin Poiblí ar Rialáil Cúram Leanaí in Aois Scoile agus ar Sheirbhísí Foghlaim agus Cúram na Luath-Óige | 21 Deireadh Fómhair … | aighneacht-submission cineal-type | ||
| Aighneacht Gaeloideachas chuig Comhchoiste an Oireachtais um Leanaí agus Comhionannas, Meitheamh 2025 | … | aighneacht-submission datheangach-bilingual naionra-preschool cineal-type teanga-language leibheal-level | ||
| Aighneacht Gaeloideachas maidir le Ráiteas Straitéise 2025 – 2027 An Roinn Leanaí, Míchumais agus Comhionannais | … | aighneacht-submission cineal-type | ||
| Aighneacht Gaeloideachas maidir le straitéis 2025-2030 an Fhoras Taighde ar Oideachas | Aighneacht Gaeloideachas maidir le straitéis 2025-2030 an Fhoras Taighde ar Oideachas, Lúnasa … | aighneacht-submission gaeilge-amhain-irish-only cineal-type teanga-language | gaeloideachas polasaithe-policies | |
| Cáipéis stocaireachta Gaeloideachas 2024 | … | aighneacht-submission bunscoil-primary datheangach-bilingual iar-bhunscoil-post-primary naionra-preschool cineal-type leibheal-level teanga-language | ||
| Aighneacht Gaeloideachas maidir le Plean Náisiúnta do Sholáthar Gaeilge san Fhoghlaim agus Cúram na Luath Óige agus sa Chúram Leanaí d’Aois Scoile | Aighneacht Gaeloideachas maidir le Plean Náisiúnta do Sholáthar Gaeilge san Fhoghlaim agus Cúram na Luath Óige agus sa Chúram Leanaí d’Aois … | aighneacht-submission gaeilge-amhain-irish-only muinteoir-teacher na-meain-media naionra-preschool taighdeoir-researcher tuismitheoir-parent cineal-type teanga-language usaideoir-user leibheal-level | gaeloideachas polasaithe-policies tumoideachas-immersion | |
| Aighneacht Gaeloideachas maidir le Plean Straitéiseach Chomhairle Náisiúnta na dTuismitheoirí, 2024-2028 | Plean Straitéiseach Chomhairle Náisiúnta na dTuismitheoirí, 2024-2028 Aighneacht Gaeloideachas, Aibreán … | aighneacht-submission cineal-type | ||
| Aighneacht Gaeloideachas don Straitéis Náisiúnta Míchumais | Feabhra … | aighneacht-submission cineal-type | gaeloideachas rso-special-education | |
| Aighneacht Gaeloideachas, Samhain 2023 maidir le nuashonrú Aistear | Aighneacht Gaeloideachas, Samhain 2023 mar cuid de Céim 2 de chomhairliúcháin an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta ar nuashonrú Aistear | aighneacht-submission cineal-type | ||
| Aighneacht Gaeloideachas maidir le Ráiteas Straitéise 2023-2025 An Roinn Oideachais | … | aighneacht-submission bunscoil-primary gaeilge-amhain-irish-only iar-bhunscoil-post-primary naionra-preschool cineal-type leibheal-level teanga-language | ||
| Aighneacht Gaeloideachas ag freagairt don chomhairliúchán ar an Acht Epsen | Aighneacht Gaeloideachas ag freagairt don chomhairliúchán ar an Acht Epsen, Márta 2023 | aighneacht-submission cineal-type | rso-special-education | |
| Aighneacht Gaeloideachas – Creat Náisiúnta um Threoir | Aighneacht Gaeloideachas – Creat Náisiúnta um Threoir, Feabhra 2023 | aighneacht-submission gaeilge-amhain-irish-only iar-bhunscoil-post-primary muinteoir-teacher na-meain-media taighdeoir-researcher tuismitheoir-parent cineal-type teanga-language leibheal-level usaideoir-user | gaeloideachas polasaithe-policies | |
| Straitéis Nua Litearthachta, Uimhearthachta agus Litearthachta Digití | Aighneacht Gaeloideachas ag freagairt don chomhairliúchán i dTreo Straitéis Nua Litearthachta, Uimhearthachta agus Litearthachta Digití, Eanáir 2023 | aighneacht-submission bunscoil-primary gaeilge-amhain-irish-only iar-bhunscoil-post-primary naionra-preschool cineal-type leibheal-level teanga-language | ||
| Polasaí don Oideachas Lán-Ghaeilge | Aighneacht ag freagairt don chomhairliúchán ar Fhorbairt Pholasaí don Oideachas Lán-Ghaeilge, Eanáir 2023 | aighneacht-submission bunscoil-primary gaeilge-amhain-irish-only iar-bhunscoil-post-primary muinteoir-teacher na-meain-media naionra-preschool taighdeoir-researcher tuismitheoir-parent cineal-type leibheal-level teanga-language usaideoir-user | gaeloideachas polasaithe-policies | |
| Moltaí Gaeloideachas do na Ceisteanna Comhairliúcháin | Nóta treorach agus moltaí Gaeloideachas do na ceisteanna comhairliúcháin atá i suirbhé na Roinne Oideachais ar an bPolasaí don Oideachas Lán-Ghaeilge. | aighneacht-submission bunscoil-primary eolas-information-2 gaeilge-amhain-irish-only iar-bhunscoil-post-primary muinteoir-teacher naionra-preschool cineal-type leibheal-level teanga-language usaideoir-user | gaeloideachas polasaithe-policies tumoideachas-immersion | |
| Plécháipéis ar Dhréachtsonraíochtaí na hArdteiste | Plécháipéis ag freagairt do Dhréachtsonraíochtaí Gaeilge na Sraithe Sinsearaí T1 agus T2 a foilsíodh do chomhairliúchán ag an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta ar an 23 Feabhra 2021. Táthar ag súil go gcabhróidh an t-eolas sa bplécháipéis seo leo siúd ar mian leo freagairt do na dréachtsonraíochtaí tríd an suirbhé ar líne nó trí aighneacht a scríobh. Arna réiteach ag Áine Hyland agus Fíona Uí Uiginn do Choiste Oideachais atá á chomhordú ag Conradh na Gaeilge. Áine Hyland, Ph.D., D.Litt.(h.c.), D.Sc.(h.c.), M.R.I.A. ,Ollamh Emerita le hOideachas agus iar-Leasuachtarán, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh. Fíona Uí Uiginn, oideachasóir, múinteoir Gaeilge, Iar-phríomhoide Choláiste Íosagáin, Baile Átha Cliath, Iaruachtarán … | aighneacht-submission datheangach-bilingual eolas-information-2 iar-bhunscoil-post-primary muinteoir-teacher na-meain-media taighde-research taighdeoir-researcher tuismitheoir-parent cineal-type teanga-language leibheal-level usaideoir-user | gaeloideachas gaeltacht polasaithe-policies tumoideachas-immersion | |
| Maoiniú an Ard-Oideachais sa Todhchaí – Aighneacht Gaeloideachas Feabhra 2022 | Maoiniú an Ard-Oideachais sa Todhchaí – Aighneacht Gaeloideachas Feabhra 2022 | aighneacht-submission gaeilge-amhain-irish-only iar-bhunscoil-post-primary taighdeoir-researcher cineal-type teanga-language leibheal-level usaideoir-user | polasaithe-policies | |
| Aighneacht maidir le hAistear a nuashonrú | Aighneacht chuig an CNCM, Nollaig … | aighneacht-submission bunscoil-primary gaeilge-amhain-irish-only muinteoir-teacher naionra-preschool taighdeoir-researcher cineal-type leibheal-level teanga-language usaideoir-user | polasaithe-policies | |
| Leasú na hArdteiste | Aighneacht Gaeloideachas maidir le Leasú na hArdteiste, Deireadh Fómhair 2021 | aighneacht-submission gaeilge-amhain-irish-only iar-bhunscoil-post-primary muinteoir-teacher na-meain-media taighdeoir-researcher tuismitheoir-parent cineal-type teanga-language leibheal-level usaideoir-user | polasaithe-policies | |
| Gaeilge na hArdteiste | Leaving Cert Irish | Bileog eolais maidir le Gaeilge na hArdteiste | Information leaflet re Leaving Cert Irish | aighneacht-submission bunscoil-primary datheangach-bilingual eolas-information-2 iar-bhunscoil-post-primary muinteoir-teacher na-meain-media taighdeoir-researcher tuismitheoir-parent cineal-type leibheal-level teanga-language usaideoir-user | gaeloideachas gaeltacht polasaithe-policies tumoideachas-immersion | |
| Straitéis 2021-2021, Bord Oiliúna agus Oideachais Éireann | Aighneacht ó Gaeloideachas, Bealtaine 2021 | aighneacht-submission bunscoil-primary gaeilge-amhain-irish-only iar-bhunscoil-post-primary na-meain-media taighdeoir-researcher cineal-type leibheal-level teanga-language usaideoir-user | polasaithe-policies | |
| Siompóisiam ar Scoileanna Beaga, 2019 | 26 Meitheamh 2019, Gailearaí Hugh Lane | aighneacht-submission bunscoil-primary gaeilge-amhain-irish-only na-meain-media taighdeoir-researcher cineal-type leibheal-level teanga-language usaideoir-user | polasaithe-policies | |
| Ráiteas Straitéise 2019-2021 An Roinn Oideachais agus Scileanna | Aighneacht ó Gaeloideachas, Nollaig 2018 | aighneacht-submission bunscoil-primary gaeilge-amhain-irish-only iar-bhunscoil-post-primary na-meain-media taighdeoir-researcher cineal-type leibheal-level teanga-language usaideoir-user | polasaithe-policies | |
| Ráiteas Straitéise 2016-2018 An Roinn Oideachais agus Scileanna | Aighneacht ó Gaeloideachas, Meitheamh 2016 | aighneacht-submission bunscoil-primary gaeilge-amhain-irish-only iar-bhunscoil-post-primary na-meain-media taighdeoir-researcher cineal-type leibheal-level teanga-language usaideoir-user | polasaithe-policies | |
| Géarchéim an tSoláthar Mhúinteoirí san Earnáil Lán-Ghaeilge | Aighneacht Gaeloideachas chuig an gComhchoiste Oideachais, Feabhra 2018 | aighneacht-submission bunscoil-primary gaeilge-amhain-irish-only iar-bhunscoil-post-primary na-meain-media taighdeoir-researcher cineal-type leibheal-level teanga-language usaideoir-user | polasaithe-policies | |
| Feachtas stocaireachta ‘Éist’ | Bileog eolais, 2019 | aighneacht-submission bunscoil-primary datheangach-bilingual iar-bhunscoil-post-primary na-meain-media naionra-preschool taighdeoir-researcher cineal-type leibheal-level teanga-language usaideoir-user | ||
| Céim na Tuarascála den Bhille Iontrála Scoile | Aighneacht ó Gaelopideachas, Bealtaine 2018 | aighneacht-submission bunscoil-primary gaeilge-amhain-irish-only iar-bhunscoil-post-primary na-meain-media naionra-preschool taighdeoir-researcher cineal-type leibheal-level teanga-language usaideoir-user | ||
| Comhordú Seirbhísí agus Socruithe Feidhmiúcháin idir an NCSE agus NEPS | Aighneacht ó Gaeloideachas, Aibreán 2015 | aighneacht-submission bunscoil-primary gaeilge-amhain-irish-only iar-bhunscoil-post-primary na-meain-media taighdeoir-researcher cineal-type leibheal-level teanga-language usaideoir-user | polasaithe-policies | |
| Cairt Custaiméara agus Plean Gnímh 2019- 2022 CNOS | Aighneacht ó Gaeloideachas, Deireadh Fómhair 2018 | aighneacht-submission bunscoil-primary gaeilge-amhain-irish-only iar-bhunscoil-post-primary na-meain-media taighdeoir-researcher cineal-type leibheal-level teanga-language usaideoir-user | polasaithe-policies | |
| Athbhreithniú ar an tSraith Shinsearach | Aighneacht ó Gaeloideachas, Samhain 2019 | aighneacht-submission gaeilge-amhain-irish-only iar-bhunscoil-post-primary na-meain-media taighdeoir-researcher cineal-type teanga-language leibheal-level usaideoir-user | polasaithe-policies | |
| Athbhreithniú agus Athfhorbairt ar Churaclam na Bunscoile | Aighneacht ó Gaeloideachas chuig an CNCM, Eanáir 2021 | aighneacht-submission bunscoil-primary gaeilge-amhain-irish-only na-meain-media taighdeoir-researcher cineal-type leibheal-level teanga-language usaideoir-user | polasaithe-policies | |
| Aighneacht – Cinntiú go bhfanann scoileanna ar oscailt i mbealach atá sábháilte agus inbhuanaithe | Aighneacht ó Gaeloideachas, Deireadh Fómhair 2020 | aighneacht-submission bunscoil-primary gaeilge-amhain-irish-only iar-bhunscoil-post-primary na-meain-media taighdeoir-researcher cineal-type leibheal-level teanga-language usaideoir-user | polasaithe-policies | |
| Aighneacht maidir le Ráiteas Stráitéise an Roinne Oideachais 2021-2023 | Aighneacht ó Gaeloideachas, Samhain 2020 | aighneacht-submission bunscoil-primary gaeilge-amhain-irish-only iar-bhunscoil-post-primary na-meain-media taighdeoir-researcher cineal-type leibheal-level teanga-language usaideoir-user | polasaithe-policies | |
| Aighneacht maidir le hAthbhreithniú ar an gCóras Oibriúcháin le haghaidh Fhoghlaim agus Chúram na Luath-Óige agus Cúram Leanaí ar Aois Scoile | Aighneacht chuig An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, Nollaig 2020 | aighneacht-submission gaeilge-amhain-irish-only na-meain-media naionra-preschool taighdeoir-researcher cineal-type teanga-language usaideoir-user leibheal-level | polasaithe-policies | |
| Aighneacht maidir le leasú na hArdteiste | Aighneacht chuig an Coiste um Oideachas, Breisoideachas agus Ardoideachas, Taighde, Nuálaíocht agus Eolaíocht, Deireadh Fómhair … | aighneacht-submission gaeilge-amhain-irish-only iar-bhunscoil-post-primary na-meain-media taighdeoir-researcher cineal-type teanga-language leibheal-level usaideoir-user | polasaithe-policies | |
| Aighneacht maidir le hinmhnarthanacht na nOileán | Aighneacht ó Gaeloideachas, Feabhra 2020 | aighneacht-submission bunscoil-primary gaeilge-amhain-irish-only iar-bhunscoil-post-primary na-meain-media taighdeoir-researcher cineal-type leibheal-level teanga-language usaideoir-user | polasaithe-policies | |
| Dúshláin atá roimh Scoileanna Oileáin | Aighneacht Gaeloideachas chuig an Comhchoiste Oideachais agus Scileanna, Meitheamh 2017 | aighneacht-submission bunscoil-primary gaeilge-amhain-irish-only iar-bhunscoil-post-primary na-meain-media taighdeoir-researcher cineal-type leibheal-level teanga-language usaideoir-user | polasaithe-policies | |
| Díolúine ó Staidéar na Gaeilge | Eanáir 2019 | aighneacht-submission bunscoil-primary gaeilge-amhain-irish-only iar-bhunscoil-post-primary na-meain-media taighdeoir-researcher cineal-type leibheal-level teanga-language usaideoir-user | polasaithe-policies |



