Feachtas chun liúntais a fháil ar ais do mhúinteoirí iarbhunleibhéil Ghaeltachta & Gaelcholáistí

Ar an 21 Bealtaine 2026 d’fhógair an tAire Oideachais Hildegarde Naughton go bhfuil “comhaontú” ann idir an Roinn Oideachais agus Cumann Múinteoirí Éireann faoina bhfuil na liúntais a leanas le n-íoc: i) An Liúntas do Mhúinteoirí Bunscoile atá ag obair i scoileanna atá aitheanta mar Scoileanna Gaeltachta faoin Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta (ii) An Liúntas do Mhúinteoirí Bunscoile atá ag obair i nGaelscoileanna (iii) An Liúntas do Mhúinteoirí atá ag obair i Scoileanna Speisialta (iv) An Liúntas Oileán Beo do Mhúinteoirí Bunscoile atá ag obair ar oileáin amach ón gcósta (v) Liúntas do Mhúinteoirí Bunscoile atá ag obair i Scoileanna ainmnithe mar Bhanda a hAon DEIS agus i Scoileanna DEIS Plus (vi) Méadú ar an Liúntas Príomhoide Bunscoile.
Cuireadh deireadh le híoc na liúntas seo d’aon mhúinteoir a fostaíodh tar éis ciorruithe i 2012 de bharr na géarchéime eacnamaíochta, rud a d’fhág go raibh múinteoirí nua a hearcaíodh ina dhiaidh sin ar scálaí pá difriúla i gcomparáid lena gcomhghleacaithe a bhí fostaithe roimhe sin
Tá díoma léirithe ag múinteoirí in Iar-bhunscoileanna Gaeltachta agus i nGaelcholáistí nach bhfuil na liúntais á dtabhairt ar ais ag an iar-bhunleibhéal. San imlitir céanna inár fógraíodh na liúntais bunscoile, luadh gur beartas spriocdhírithe iad na liúntais seo chun tacú le hearcaíocht agus coinneáil foirne. Mar a chuir múinteoir IBL Gaeltachta in iúl dúinn, tá na deacrachtaí céanna agus fiú níos measa ag leibhéal na hiar-bhunscoile.
Tá Gaeloideachas chun tabhairt faoi fheachtas chun múinteoirí a spreagadh brú a chur faoin gceist – tá muid ag tosú le cáipéis a réiteach a bheidh mar thaca ag múinteoirí agus iad ag plé lena gcuid brainsí ceardchumann sna míonna romhainn. Coinneoidh muid ar an eolas sibh maidir le céimeanna eile an fheachtais nuair a bheidh siad socraithe. Beidh fáilte roimh thuairimí/moltaí/ceisteanna ó mhúinteoirí IBL na hearnála maidir leis an bhfeachtas. Is féidir iad a chur in iúl ag eolas@gaeloideachas.ie.