Fíricí Fíochmhara

Is sraith réamhscoile spraíúil, shiamsúil í Fíricí Fíochmhara, ina múineann ár láithreoir don lucht féachana óg faoi ainmhithe iontacha trí amhráin agus spraoi!
Sa tsraith seo, tá an lucht féachana óg ag foghlaim fíricí beaga suimiúla faoi ainmhithe zú – Cad é an bia is fearr leo? Cad é an rud is aistí fúthu? Cad is maith leo a dhéanamh? Cá dtéann siad a chodladh? Agus cé rí na zú?!
Úsáidtear athrá tríd an gclár agus sna hamhráin chun foghlaim a spreagadh agus tabharfar cuireadh do na páistí sa bhaile ceisteanna a fhreagairt tríd an eipeasóid agus an t-amhrán deiridh a chanadh le John!