Físeán nua faoi na hAcmhainní agus Tacaíochtaí do RSO a chuireann Gaeloideachas ar fáil

Nov 28, 2022

Seoladh físeán nua ar na hacmhainní agus tacaíochtaí Gaeloideachas do RSO (riachtanais speisialta oideachais) ag an gComhdháil RSO Déardaoin seo caite. Reáchtáladh Comhdháil ar Riachtanais Speisialta Oideachais ag Gaeloideachas i bpáirt le COGG in Óstán Pháirc an Mhuilinn Chearr agus bhí an-éileamh air leis an bpríomhsheomra lán. Is féidir an clár a fháil anseo agus beidh taifid ó sheisiúin na comhdhála ar fáil ar ár gcainéail ar YouTube. Le roinnt bliana anuas tá Gaeloideachas ag obair le heagraíochtaí eile, As I Am agus an tIonad Uathachais Middletown, ag cruthú acmhainní do RSO. Sa bhfíseán nua tugtar spléachadh san fhíseán seo ar roinnt de na tacaíochtaí agus acmhainní sin. Tacaíonn Gaeloideachas le naíonraí agus scoileanna ina gcuid oibre le bheith ionchuimsitheach agus freastal cuí a dhéanamh ar gach páiste Tá breis eolais ar fáil ar an suíomh seo.