Foghlaim Comhtháite Ábhar & Teanga (FCÁT) – Cur Chuige Uile-Scoile le Sinéad Ní Dhonnchú

Taifid de cheardlann a tugadh ag Tionól Forbartha Gaeloideachas i bpáirt le COGG 2024
Sa cheardlann seo, déantar plé ar chur i bhfeidhm an FCÁT ar bhonn uile-scoile. Is é sprioc na ceardlainne ná straitéisí a roinnt chun feasacht teanga na múinteoirí tumoideachais a ardú.
Is múinteoir Gaeilge, staire agus tíreolaíochta í Sinéad Ní Dhonnchú atá ag múineadh i gColáiste Cois Life, Leamhcán le sé bliana. Tá sí díreach tar éis an M. Oid san Oideachas lán-Ghaeilge agus Gaeltachta a bhaint amach.
Is í Bernadette Ní Fhinneadha, múinteoir i gColáiste Eoin/Íosagáin a bhí ina Cathaoirleach
Foghlaim Comhtháite Ábhar & Teanga (FCÁT) – Cur Chuige Uile-Scoile