Fógráin ar uirlisí ceoil

Dea-scéala go bhfuil ár sraith fógrán ar uirlisí, nó gléasanna, ceoil curtha i gcló agus ar fáil dár mbaill saor in aisce. Tá cúig fhógrán sa tsraith; An Chláirseach, An Fheadóg Stáin, An Fhidil, An Phíb Uilleann, Boscaí Ceoil; agus is póstaeir A3 atá i gceist. Ar gach ceann tá íomhá den uirlis, a codanna ainmnithe le saighid agus íomhá MF go comhad fuaime leis an bhfoclóir sin. Is féidir lenár mbaill iad a ordú anseo agus tá an tsraith ar fad ar fáil mar PDFanna anseo agus thíos.
An Chláirseach an chorr, an lámhchrann, an choim, sreang, crú sreinge, an fuaimchlár, an chruit 🔊 Comhad Fuaime mp3.
An Fheadóg Stáin 🪈 an bhéalóg, an fuaimpholl, an lann, an feadán, méarpholl – ordóg, corrmhéar, an mhéar fhada, mac an daba, lúidín 🔊 Comhad Fuaime mp3.
An Fhidil 🎻 an guairneán, pionna tiúnála, an pionnabhosca, an méarchlár, sreang, an babhta uachtair, an choim, an f-pholl, an droichead, an babhta íochtair, an t-eireaballán, mion-tiúnóir, an taca smige, an fuaimchrann – an bogha, an bata, an rón (na ribí róin), an cadó, an froga, an bhís 🔊 Comhad Fuaime mp3.
An Phíb Uilleann 🎶 an stoc, an mála, na boilg, an seamsúr, rialtán, dos – an phíb mhór 🔊 Comhad Fuaime mp3.
Boscaí Ceoil 🪗 (bosca ceoil / mileoidean) – na boilg, cnaipe, an méarchlár, an lámhiris – bosca cnaipí – consairtín 🔊 Comhad Fuaime mp3.