Foilsithe: Céim 1 d’Athbhreithniú Leantach ar chur i bhfeidhm Shonraíochtaí Gaeilge na Sraithe Sóisearaí (T1 & T2)

Aug 25, 2025

GaeilgenaSraitheSisaear 9900000000079e3c

Tá an chéad tuarascáil eatramhach ón athbhreithniú leantach curtha le chéile ag SEALBHÚ foilsithe anois.

I 2017, cuireadh múnla soláthair idirdhealaithe, T1 &T2, ar fáil do theagasc agus d’fhoghlaim na Gaeilge sa tSraith Shóisearach. I 2023, foilsíodh  Athbhreithniú luath ar chur i bhfeidhm na Sonraíochtaí Gaeilge T1 agus T2 don tSraith Shóisearach (Mac Gearailt & Ó Duibhir, 2023)

I Meán Fómhair 2023, choimisiúnaigh an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) grúpa taighdeoirí ó SEALBHÚ: Lárionad Taighde DCU um Fhoghlaim agus Teagasc na Gaeilge chun tabhairt faoi staidéar agus athbhreithniú leantach ar chur i bhfeidhm na sonraíochtaí Gaeilge. Cuirtear i láthair sa tuarascáil eatramhach thíos na sonraí taighde a bailíodh ag Céim a hAon den taighde: 

Staidéar agus Athbhreithniú Leantach ar Chur i bhfeidhm Shonraíochtaí Gaeilge na Sraithe Sóisearaí (T1 & T2)  TUARASCÁIL EATRAMHACH – Céim a hAon • Bliain: 2023-2024

Ní haon iontas go bhfuil na tuairimí atá luaite ag ceannairí agus ag  múinteoirí na 12 scoil chás-staidéir ar fud na tíre a ndearnadh an taighde iontu don Tuarascáil Eatramhach ag teacht leis an méid atá curtha san aighneacht a chuir An Gréasán do Mhúinteoirí Gaeilge ar aghaidh i 2023: Aighneacht ‘An Gréasán’ mar chuid den athbhreithniú ar chur i bhfeidhm luath na Gaeilge sa tSraith Shóisearach