Foilsiú na Tuarascála ar an Athbhreithniú ar an Acht um Oideachas do Dhaoine a bhfuil Riachtanais Speisialta Oideachais acu, 2004 (EPSEN)

Tá áthas ar Gaeloideachas gur foilsíodh an tAthbhreithniú ar an Acht um Oideachas do Dhaoine a bhfuil Riachtanais Speisialta Oideachais acu (EPSEN), 2004 le linn an tsamhraidh. Tá súil againn go dtabharfar éisteacht agus aird ar mholtaí Gaeloideachas agus na moltaí á ngníomhú.
Tá muid dóchasach go gcuirfear leis na seirbhísí tacaíochta agus acmhainní atá ar fáil do pháistí sa gcóras lán-Ghaeilge agus Gaeltachta a chabhródh leo bláthú agus barr a gcumais a bhaint amach. Tá os cionn 50 moladh san Athbhreithniú ina iomláine le córas níos ionchuimsithí oideachais a chinntiú.
Ceann de na príomhmholtaí a dhéantar ann ná:
tógáil ar na céimeanna atá á nglacadh i dtaca leis an nGaeilge i gcomhthéacs leanaí a bhfuil riachtanais bhreise acu, ionas gur féidir tacaíocht a thabhairt dóibh trí mheán na Gaeilge.
I measc na moltaí eile don oideachas lán-Ghaeilge, áirítear:
· Ba chóir go mbeadh oiliúint agus forbairt chuimsitheach ghairmiúil maidir le hoideachas trí mheán na Gaeilge do mhúinteoirí agus do Chúntóirí Riachtanas Speisialta Oideachais (CRSanna).
· Ba chóir tacú le leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu chun rochtain a dhéanamh ar na tacaíochtaí atá ag teastáil uathu gan baint dá gcuid foghlama as Gaeilge, go háirithe dóibh siúd atá ag aistriú ó bhunscoileanna lán-Ghaeilge.
· Ba chóir méadú a dhéanamh ar an Soláthar do chuidiú saincheaptha agus acmhainní do scoileanna lán-Ghaeilge tríd an CNSO.
· Ba chóir feabhas a chur ar rochtain na leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu ar áiteanna i nGaelscoileanna agus i nGaelcholáistí.
· Nuair is féidir, ba chóir go mbeadh ábhair tástála dhiagnóiseacha agus chaighdeánaithe go sonrach as Gaeilge, seachas a bheith ag brath ar leaganacha Béarla.