Folúntais
Seo thíos na folúntais is déanaí a roinn naíonraí agus scoileanna linn. Más mian leat folúntas a fhógairt linn, téigh chuig an bhfoirm ag bun an leathanaigh seo.
Folúntas: Múinteoir Oideachais Speisialta i nGaelscoil Bhaile Munna
Tá folúntas i nGaelscoil Bhaile Munna do mhúinteoir oideachais speisialta. Tá ardchaighdeán Gaeilge labhartha agus scríofa riachtanach don phost seo.
Folúntas: Stiúrthóir agus Ceannaire sa Chlub Iarscoile i Naíonra na nDéise (Páirt-aimseartha)
Is post páirt-aimseartha é seo do stiúrthóir i Naíonra na nDéise agus mar cheannaire sa Chlub Iarscoile. Ba cheart litir iarratais agus Curriculum Vitae cuí a sheoladh roimh an Satharn 13/08/22
Folúntas: Stiúrthóir agus Ceannaire sa Chlub Iarscoile i Naíonra na nDéise (Lán-aimseartha)
Is post é seo do stiúrthóir i Naíonra na nDéise agus mar cheannaire sa Chlub Iarscoile. Ba cheart litir iarratais agus Curriculum Vitae cuí a sheoladh roimh an Satharn 13/08/22.
Folúntas: Cúntóir Taighde – Foras Taighde ar Oideachas
Tá painéal á chur le chéile ag an FTO de chúntóirí taighde a bhfuil líofacht i labhairt agus i scríobh na Gaeilge acu.
Folúntas: Oifigeach Taighde i gColáiste Ollscoile Naomh Muire, Béal Feirste
Tá folúntas ar fáil d’Oifigeach Taighde i gColáiste Ollscoile Naomh Muire i mBéal Feirste chun tabhairt faoi thaighde agus soláthar riaracháin do Thionscadal Forbartha an Chreata Gaeilge do Bhunscoileanna.