Folúntais i dTuismitheoirí na Gaeltachta
Tá 10 bpost mar ‘Oifigeach Forbartha’ á bhfógairt ag Tuismitheoirí na Gaeltachta faoi láthair.
Beidh na poist seo lonnaithe sna ceantair Ghaeltachta éagsúla:
Dún na nGall: Dhá phost
Gaillimh/Co na Mí: Ceithre phost
Maigh Eo: Post amháin
Cúige Mumhan: Dhá phost
Lonnaithe in aon cheantar Gaeltachta: Post amháin.
Beidh naonúr de na hOifigigh seo ag obair sa phobal mar a mbeidh suas le trí Limistéar Pleanála Teanga faoina gcúram. Beidh siad freagrach as seirbhísí, imeachtaí, ócáidí agus scéimeanna Thuismitheoirí na Gaeltachta a eagrú agus a fhorbairt sna ceantair sin.
Beidh Oifigeach Forbartha amháin freagrach as cúrsaí teicneolaíochta san eagraíocht a riaradh – suíomh idirlín, nuachtlitir, meáin shóisialta, córas clárúcháin srl.
Beidh na daoine a cheapfar lonnaithe in aon cheann d’oifigí na heagraíochta i nGaoth Dobhair, Conamara nó Corca Dhuibhne nó i suíomhanna oibre lárnacha eile, atá le roghnú go fóill, sna ceantair ina mbeidh siad ag feidhmiú.
Tá go dtí an Aoine 28 Meitheamh ag daoine iarratas a dhéanamh.