Folúntas: Bainisteoir oiliúna agus acmhainní luathbhlianta
Tá Gaeloideachas ag lorg duine le tuiscint agus taithí ar earnáil na luathbhlianta lán-Ghaeilge don ról nua seo. Post lánaimseartha atá ann, le conradh bliana.
Príomhchúraimí
- Comhordú ar fhorbairt acmhainní don naíonra
- Comhordú ar réimse agus raon an fhorbairt ghairmiúil trí mheán na Gaeilge do naíonraí agus tacú le forbairt an réimse
- Tacú le cur i bhfeidhm an phlean náisiúnta don Ghaeilge sna luathbhlianta atá á fhorbairt ag an Roinn Leanaí, le foilsiú i 2025
Scála Tuarastail (Ardoifigeach Feidhmiúchán): €56,556-€71,227
Cáilíochtaí, Scileanna agus Taithí Riachtanach
- Céim tríú leibhéal nó a chomhionann;
- Tuiscint agus taithí ar an tumoideachas, go háirithe ag leibhéal an naíonra;
- Ardchaighdeán Gaeilge, idir labhairt agus scríobh;
- Ardscileanna eagrúcháin agus riaracháin;
- Ardscileanna cur i láthair agus cumarsáide, idir phearsanta agus theicniúil.
Iarratais
An spriocdháta le haghaidh foirm iarratais agus CV ná meánlae, 7 Feabhra 2025 ar ríomhphost amháin, chuig foluntais@gaeloideachas.ie. Ní ghlacfar le haon iarratais i ndiaidh an spriocdháta.
Tá polasaí oibre hibrideach i bhfeidhm ag Gaeloideachas, le 2 lá san oifig gach seachtain, agus 3 lá gur rogha an fhostaí é bheith ag obair ón oifig nó on mbaile/áit eile atá feiliúnach don obair. Tá príomhoifig na heagraíochta i Halla Naomh Pádraig, Institiúid Oideachais Marino, Ascaill Uí Ghríofa, BÁC 9.
Is ceanneagraíocht í Gaeloideachas atá freagrach as an réimse Tumoideachas, Gaeloideachas agus Réamhscolaíocht lán-Ghaeilge a chur chun cinn.
Foirm Iarratais: Bainisteoir oiliúna agus acmhainní luathbhlianta