Folúntas: Bainisteoir Tionscadail – Forbairt Ghairmiúil Leanúnach do na Luathbhlianta
Tá Gaeloideachas ag lorg duine le tuiscint agus taithí ar earnáil na luathbhlianta lán-Ghaeilge don ról nua seo. Post páirtaimseartha atá ann, le conradh bliana.
Príomhchúraimí
- Comhordú ar fhorbairt ghairmiúil leanúnach don naíonra
- Obair i gcomhpháirt le páirtithe luathbhlianta eile le forbairt ghairmiúil leanúnach a oiriúnú do suíomhanna tumoideachais
- Tacú le cur i bhfeidhm an phlean náisiúnta don Ghaeilge sna luathbhlianta atá á fhorbairt ag an Roinn Leanaí, le foilsiú i 2025
Scála Tuarastail (Ardoifigeach Feidhmiúchán)
Scála státseirbhíse Ardoifigeach Feidhmiúcháin chiorclán 06/2025 Aguisín 1A (€58,264-€73,378 ar bhonn pro rata dhá lá go leith sa tseachtain) agus de réir coinníollacha an scála agus tuarastal reatha an iarrthóra. Leagtar amach téarmaí agus coinníollacha oibre uile an fhostaí sa chonradh fostaíochta agus i Lámhleabhar an Fhostaí.
Cáilíochtaí, Scileanna agus Taithí Riachtanach
- Céim tríú leibhéal nó a chomhionann;
- Tuiscint agus taithí ar an tumoideachas, go háirithe ag leibhéal an naíonra;
- Ardchaighdeán Gaeilge, idir labhairt agus scríobh;
- Ardscileanna eagrúcháin agus riaracháin;
- Ardscileanna cur i láthair agus cumarsáide, idir phearsanta agus theicniúil.
Iarratais
An spriocdháta le haghaidh foirm iarratais agus CV ná meánlae, 4 Aibreán 2025 ar ríomhphost amháin, chuig foluntais@gaeloideachas.ie. Ní ghlacfar le haon iarratais i ndiaidh an spriocdháta.
- Foirm Iarratais: Bainisteoir Tionscadail – FGL Luathbhlianta (MS Word)
- Sainchuntas Poist: Bainisteoir Tionscadail FGL Luathbhlianta (PDF)
Tá polasaí oibre hibrideach i bhfeidhm ag Gaeloideachas. Tá an post seo le bheith lonnaithe i bpríomhoifig na heagraíochta i Halla Naomh Pádraig, Institiúid Oideachais Marino, Ascaill Uí Ghríofa, BÁC 9. Beidh an lá/laethanta san oifig le n-aontú leis an Ardfheidhmeannach.
Is ceanneagraíocht í Gaeloideachas atá freagrach as an réimse Tumoideachas, Gaeloideachas agus Réamhscolaíocht lán-Ghaeilge a chur chun cinn.