Folúntas: Feidhmeannach Riaracháin & Cumarsáide – Athfhógairt
Tá Gaeloideachas ag lorg duine fuinniúil le tuiscint agus taithí ar an earnáil oideachais lán-Ghaeilge chun cabhrú leis an eagraíocht seirbhísí tacaíochta den chéad scoth a chur ar fáil do naíonraí agus scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta.
Post lánaimseartha atá ann, le conradh 3 bliana
Tá sainchuntas poist le fáil ó foluntais@gaeloideachas.ie
An spriocdháta le haghaidh litir agus CV ná meánlae, Aoine 15 Samhain 2024 ar ríomhphost amháin. Ní ghlacfar le haon iarratais i ndiaidh an spriocdháta.
Scála Tuarastail: Oifigeach Cléireachais 08/2028 1A, €29,696 – €46,789
Tá polasaí oibre hibrideach i bhfeidhm ag Gaeloideachas, le meascán d’obair ó baile agus ón oifig. Is í príomhoifig na heagraíochta ná Halla Naomh Pádraig, Institiúid Oideachais Marino, Ascaill Uí Ghríofa, BÁC 9 .
Is ceanneagraíocht í Gaeloideachas atá freagrach as an réimse Tumoideachas, Gaeloideachas agus Réamhscolaíocht lán-Ghaeilge a chur chun cinn. Tá eolas faoi ghnó na heagraíochta ar fáil ag www.gaeloideachas.ie