Folúntas le Gaeloideachas

Dec 2, 2025

Bainisteoir Tionscadail: Forbairt Ghairmiúil Leanúnach do na Luathbhlianta

Tá Gaeloideachas ag lorg duine le tuiscint agus taithí ar earnáil na luathbhlianta lán-Ghaeilge don ról nua seo. Post lánaimseartha atá ann, le conradh bliana.

Príomhchúraimí

  1. Comhordú ar fhorbairt ghairmiúil leanúnach don naíonra
  2. Obair i gcomhpháirt le páirtithe luathbhlianta eile le forbairt ghairmiúil leanúnach a oiriúnú do suíomhanna tumoideachais
  3. Tacú le cur i bhfeidhm an phlean náisiúnta don Ghaeilge sna luathbhlianta atá á fhorbairt ag an Roinn Leanaí, le foilsiú i 2026

Scála Tuarastail (Ardoifigeach Feidhmiúchán)

Scála státseirbhíse Ardoifigeach Feidhmiúcháin chiorclán 06/2025 Aguisín 1A (€58,264-€73,378) agus de réir coinníollacha an scála agus tuarastal reatha an iarrthóra. Leagtar amach téarmaí agus coinníollacha oibre uile an fhostaí sa chonradh fostaíochta agus i Lámhleabhar an Fhostaí.

Cáilíochtaí, Scileanna agus Taithí Riachtanach

  1. Céim tríú leibhéal nó a chomhionann;
  2. Tuiscint agus taithí ar an tumoideachas, go háirithe ag leibhéal an naíonra;
  3. Ardchaighdeán Gaeilge, idir labhairt agus scríobh;
  4. Ardscileanna eagrúcháin agus riaracháin;
  5. Ardscileanna cur i láthair agus cumarsáide, idir phearsanta agus theicniúil.

Iarratais

An spriocdháta le haghaidh foirm iarratais agus CV ná meánlae, 15 Nollaig 2025 ar ríomhphost amháin, chuig foluntais@gaeloideachas.ie. Ní ghlacfar le haon iarratais i ndiaidh an spriocdháta.

Foirm Iarratais – Bainisteoir Tionscadail le Gaeloideachas

Tá polasaí oibre hibrideach i bhfeidhm ag Gaeloideachas. Tá an post seo le bheith lonnaithe i bpríomhoifig na heagraíochta i Halla Naomh Pádraig, Institiúid Oideachais Marino, Ascaill Uí Ghríofa, BÁC 9. Beidh an lá/laethanta san oifig le n-aontú leis an Ardfheidhmeannach.

Is ceanneagraíocht í Gaeloideachas atá freagrach as an réimse Tumoideachas, Gaeloideachas agus Réamhscolaíocht lán-Ghaeilge a chur chun cinn.