Folúntas: Oifigeach Forbartha Gaeilge le Comhairle na Mumhan CLG

Nov 30, 2022

Tá folúntas fógartha ag Comhairle na Mumhan CLG d’Oifigeach Forbartha Gaeilge. Tá an post maoinithe ag Foras na Gaeilge agus is conradh 3 bliana atá i gceist.

Tréimhse an chonartha: Conradh ar théarma seasta 3 bliana
Láthair oibre: Áras Mumhan, Caladh an Treoigh, Luimneach
Freagrach do: Oifigeach Forbartha Gaeilge Náisiúnta CLG / Rúnaí Chomhairle na Mumhan

Beidh ról Oifigeach Forbartha Gaeilge na Mumhan tiomanta d’fhorbairt na Gaeilge i gCumann Lúthchleas Gael agus i measc an phobail i gCúige Mumhan. Cuirfidh Oifigeach Forbartha Gaeilge na Mumhan clár leathan forbartha Gaeilge i gcrích a fhorbróidh úsáid agus feiceálacht na Gaeilge sa Chumann i gCúige Mumhan i gcomhar le Comhairle na Mumhan CLG agus le hOifigeach Forbartha Gaeilge CLG i bPáirc an Chrócaigh. Aontófar spriocanna soiléire oibre a bhainfidh leis na feidhmeanna seo a leanas;

• An Ghaeilge a chothú ar ardáin éagsúla chumarsáide CLG na Mumhan.

• Béim faoi leith ar úsáid na Gaeilge sna meáin shóisialta agus ar an óige.

• Baill agus clubanna a spreagadh maidir le labhairt, úsáid agus forbairt na teanga. Bainfear úsáid as tionscadail reatha an Chumainn leis seo a bhaint amach agus forbrófar cláir eile de réir mar is gá le Comhairle na Mumhan CLG agus le hOifigeach Forbartha Gaeilge CLG i bPáirc an Chrócaigh.

Má tá spéis agatsa san obair seo agus má tá na cáilíochtaí agat, seol CV agus litir iarratais chuig https://www.jobs.ie/ApplyForJob.aspx?Id=2108279 roimh 3pm, Dé Céadaoin, 7 Nollaig 2022.

Gach eolas ag an nasc thíos.

Oifigeach Forbartha Gaeilge na Mumhan